Is minic ráite gur teanga Q-Cheilteach í an Ghaeilge, mar choinnigh sí an fhuaim Ind-Eorpach “q” (nó “c”), rud nach bhfuil fíor faoi theangacha P-Ceilteacha, mar shampla an Bhreatnais agus an Bhriotáinis, mar “p” a tháinig ina háit iontu siúd. Fágann sé sin gur “mac” agus “ceathair” a deirtear i nGaeilge, ach “mab” agus “pedwar” i mBreatnais…
Pé scéal é, rith sé liom gur sampla eile den deighilt sin é an focal “Cáisc” (“Pascha” na Laidine). Focal breá ársa a bhfuil rian na staire le sonrú ann go fóill.
Beannachtaí na Cásca oraibh uilig!