Ranganna Ar Leith ag Gaelchultúr

Fáilte (Welcome) Forums Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) Ranganna Ar Leith ag Gaelchultúr

Viewing 1 post (of 1 total)
  • Author
    Posts
  • #37122
    Liam MacGiodaire
    Keymaster

    Fuair Daltaí na Gaeilge teachtaireacht inné ónár gcairde ag Gaelchultúr. Chuir siad sonraí chugainn faoi ranganna beo ar líne, ag ocht leibhéal éagsúla, a bheidh á reáchtáil acu le linn an tsamhraidh i mbliana. Tá siad ag tairiscint lascaine do dhaoine atá ina mball de Dhaltaí na Gaeilge. Tá gach eolas thíos.

    …………………………………

    An fáth a bhfuil mé ag scríobh chugat ná le tú a chur ar an eolas faoi ranganna beo ar líne, ag ocht leibhéal éagsúla, a bheidh á reáchtáil againn le linn an tsamhraidh i mbliana.

    Ba mhaith linn teacht ar bhealach le cuidiú leatsa agus le do chuid mac léinn le linn na tréimhse dúshlánaí seo, dá bhrí sin táimid ag tairiscint lascaine €20 duit féin agus dóibhsean ar phraghas chúrsa an tsamhraidh (bróisiúr an chúrsa ar fáil anseo: https://www.gaelchultur.com/Media/PDFs/rangannaarline2020.pdf ). Beidh ranganna an tSathairn go háirithe oiriúnach do sceideal daoine i Meiriceá. Chun an lascaine speisialta seo a fháil, is féidir leat féin agus le bhur gcuid foghlaimeoirí úsáid a bhaint as an gcód “daltainagaeilge” agus sibh ag clárú do rang (is féidir clárú anseo: https://www.gaelchultur.com/ga/cursai.aspx?idc=110 ). Bheinn buíoch díot dá mbeifeá sásta an scéal a scaipeadh i measc bhur dteagmhálaithe.

    Maidir leis an gcúrsa:
    Freastalóidh na rannpháirtithe ar rang dhá uair an chloig lá amháin sa tseachtain. Agus iad ag freastal ar an rang, beidh deis ag na foghlaimeoirí lámh fhíorúil a chur in airde agus ceisteanna a chur ar an múinteoir ó bhéal. Beidh obair bheirte agus obair ghrúpa mar chuid lárnach de gach rang chomh maith. Tá eolas faoi na leibhéil éagsúla a bheidh á dtairiscint agus faoin sceideal le fáil i mbróisiúr an chúrsa, atá ceangailte leis seo.

Viewing 1 post (of 1 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.