N’fheadar cén caoi a deirtear ‘romantically involved’ i nGaeilge. An measann tú (nó sibh) go n-oibreodh ‘bainteach go rómánsúil’? Aon mholtaí níos fearr ó éinne le do thoil/le bhur dtoil?
Tá an leagan cainte a fuair tú sa bhfoclóir ceart, níl aon dabht faoi sin. Ach más maith leat, tá roinnt leaganacha dúchasacha ann chomh maith a bhféadfá úsáid a bhain astu, m.sh. “bhí siad mór le chéile” nó “bhí siad i ngrá le chéile”.