Scéal an Lae – Ceol na gCat

Fáilte (Welcome) Forums Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) Scéal an Lae – Ceol na gCat

Viewing 6 posts - 1 through 6 (of 6 total)
  • Author
    Posts
  • #36526
    Seán
    Participant

    Tá cúpla focal nár thuig mé sa scéal seo. An bhfuil tú in ann camhrú?

    [url=”https://www.youtube.com/watch?v=rEwKoD-Ziw0″]https://www.youtube.com/watch?v=rEwKoD-Ziw0[/url]

    1:00 _____________, arsa an Rí.

    1:50 …agus an cat ag __________ ar nós cuma liom. [cur as?]

    2:59 Bhí rí-rá, _____, agus ruaile buaile taobh amuigh!

    GRMA!

    #43829
    Onuvanja
    Participant

    Haigh, a Sheáin!

    Ceapaim gurb iad na focla atá i gceist.

    1:00 – Go bhfóire Dia orainn! arsa an Rí.

    1:50 “cur as” a chuala mise chomh maith.

    2:59 – Bhí rí-rá, raic agus ruaile buaile taobh amuigh!

    #43830
    Seán
    Participant

    Maith thú Onuvanja! I do bharúil, cad is brí le “cur as” anseo?

    #43831
    Onuvanja
    Participant

    Maith thú féin, má d’éirigh leat an chuid eile den scéal a bhreacadh síos! Níl mé cinnte faoin “cur as”. Tá an leagan “cur as do (dhuine)” ann, ach ní ró-mhaith a thiocfadh sé leis an gciall a bhain mé amach, is é sin, gur lean an cat air ag clampar beag beann ar achainí an Rí. B’fhéidir go mbeadh freagra ag duine eicínt eile?

    #43832
    aonghus
    Participant

    Ón bhfoclóir beag:

    http://potafocal.com/Metasearch.aspx?Text=cur&GotoID=focloirbeag

    cur as (díbirt as (cuireadh as a bpoist iad); cosc ó, cur ó (chuir tú as gléas é); múchadh (solas a chur as); l[color=red]igean amach (uaill a chur asat);[/color] cur mar fhad le (píosa a chur as rud); goilleadh ar (cad tá ag cur as duit?)).

    #43833
    Seán
    Participant

    Sílim go bhfuil an ceart agat, a Aonghuis. GRMAbh beirt.

Viewing 6 posts - 1 through 6 (of 6 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.