Scéal an Lae – Mo Bhaile Beag Féin

Fáilte (Welcome) Forums Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) Scéal an Lae – Mo Bhaile Beag Féin

Viewing 8 posts - 1 through 8 (of 8 total)
  • Author
    Posts
  • #36531
    Seán
    Participant

    Tá cúpla focal nár thuig mé, nó nach bhfuilim cinnte fúthu, sa scéal seo. An bhfuil tú in ann camhrú?

    [url=”https://www.youtube.com/watch?v=h9GPYHJYEbU”]https://www.youtube.com/watch?v=h9GPYHJYEbU[/url]

    1:49 Isteach le Caochaí i nead _______.

    2:20 An chéad rud eile, ________ Cluasóg Coinín. [seo chucu?]

    3:13 “B’fhearr liom áit _______ tirim.” [a bheadh?]

    3:53 “Ach _______ do bhaile beag féin!”

    4:11 Bhí sé dorcha ________.

    GRMA!

    #43890
    Onuvanja
    Participant

    Tá “seo chucu” agus “a bheadh” ceart, sílim.
    3:53 – “Ach seod é do bhaile beag féin!”
    4:11 – Bhí sé dorcha lasmuigh.
    Níl mé in ann an chéad cheann a dhéanamh amach, ar an drochuair. “Ala” a chloisimse. B’fhéidir “eala”??

    #43891
    aonghus
    Participant

    Sin a chloisim freisin, ach níl an pictiúr a réiteach le nead eala – ní bhíonn nead ag eala ar chraobh ar chrann.

    #43892
    aonghus
    Participant

    Táim ag ceapadh gur “nead iora rua” (drey) atá i gceist, caithfidh sé gur leagan eile atá ann.

    #43893
    Onuvanja
    Participant

    Creidim go bhfuil sé ‘am anois. “Nead fholamh” nó “fhalamh”, mar a deirtear i gConamara é. Mara mbeadh an leagan Béarla (“empty nest”) feicthe agam, ní dóigh go dtiocfainn air go deo! 🙂

    #43894
    aonghus
    Participant

    Tá ciall leis sin.

    #43895
    Seán
    Participant

    Go raibh maith agaibh, Onuvanja agus aonghus! Bhí “fhalamh” an-deacair ar fad.

    #43896
    Onuvanja
    Participant

    Bhí, muise, mar gheall ar an “fh” tostach.

Viewing 8 posts - 1 through 8 (of 8 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.