Seachtain na Gaeilge, 16 – 22 Lúnasa 2015

Fáilte (Welcome) Forums Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) Seachtain na Gaeilge, 16 – 22 Lúnasa 2015

Viewing 1 post (of 1 total)
  • Author
    Posts
  • #36859
    Liam MacGiodaire
    Keymaster

    Seachtain na Gaeilge
    16 – 22 Lúnasa 2015

    Seachtain níos luaithe ná mar is iondúil !!!

    Tionólfaidh Daltaí na Gaeilge ár Seachtain Gaeilge idir 16 – 22 Lúnasa in Esopus, Nua-Eabhrac. I mbliana beidh Sinéad Ní Uallacháin linn mar mhúinteoir le haghaidh na daoine atá an-líofa.

    Is láithreoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta í le blianta anuas. Mar shampla, is léiritheoir an chláir Sinéad ar Maidin í, clár ceoil agus amhrán a craoltar ó Luan go hAoine. Soláthraíonn sí mír na siamsaíochta don gclár Cormac ag a Cúig, gach Aoine, dialann shóisialta ar imeachtaí na seachtaine. Agus thar na blianta d’oibrigh Sinéad mar láithreoir/léiritheoir ar: Thall ‘s Abhus, clár cainte agus siamsaíochta, agus ar na cláracha ceoil seo a leanas: Ceol Beo an tSathairn, Spleodar an tSathairn, Binneas Béil, agus Geantraí Cheoil.

    Tá súil againn go mbeidh tú in ann teacht. Is féidir leat clarú agus íocaíocht a dhéanamh ar an idirlíon. Tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh & Foirm Chláraithe ar fáil anseo: http://www.daltai.com/events/

Viewing 1 post (of 1 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.