Seachtain na Gaeilge
27 Lúnasa go dtí
2 Meán Fómhair 2017
Tionólfaidh Daltaí na Gaeilge ár Seachtain Gaeilge idir 27 Lúnasa agus 2 Meán Fómhair in Esopus, Nua-Eabhrac. Beidh ranganna ar gach leibhéal ar fáil againn, mar is gnách. Agus tá an-áthas orainn go mbeidh Edel Lovett linn i mbliana mar mhúinteoir le haghaidh na daoine atá an-líofa.
Tá súil againn go mbeidh tú in ann teacht. Is féidir leat clarú agus íocaíocht a dhéanamh ar an idirlíon. Tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh & Foirm Chláraithe ar fáil tríd an nasc seo: http://www.daltai.com/shop/