An Samhradh 2022

Seachtain na Gaeilge
28 Lúnasa go dtí
3 Meán Fómhair 2022
Tionólfaidh Daltaí na Gaeilge ár Seachtain na Gaeilge idir 28 Lúnasa agus 3 Meán Fómhair in Esopus, Nua–Eabhrac. Beidh ranganna ar gach leibhéal ar fáil againn, mar is gnách. Tá fáilte roimh cách!
Agus tá an-áthas orainn go mbeidh Ciara Ní É linn i mbliana mar mhúinteoir Gaeilge le haghaidh na daoine atá an-líofa. Is file, scríbhneoir agus láithreoir teilfíse í, Ciara. Tá sí an-ildánach agus tá clú agus cáil uirthi i saol na Gaeilge.
Cuireann An Coimisiún Fulbright in Éirinn agus An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maoiniú ar fáil i gcomhair an chláir seo. Tá súil againn go bhfeicfidh muid ansin thú. Is féidir leat clarú agus íocaíocht a dhéanamh ar an idirlíon. Tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh & Foirm Chláraithe ar fáil tríd an nasc seo.
|