“Stair na Gaeilge”

Viewing 4 posts - 1 through 4 (of 4 total)
  • Author
    Posts
  • #36596
    Onuvanja
    Participant

    Ceist agam oraibh, a chairde. Bhí spéis agam sa leabhar ‘úd i gcónaí, ach níl mé cinnte an mbeadh mé in ann ceart a bhaint aisti gan aon staidéar a bheith déanta agam ar stair na teanga roimhe ré. Go deimhin, tá sé léite agam in áit eicínt (b’fhéidir ar an bhfóram seo againne) go mba chóir cur amach a bheith agat ar an tSean-Ghaeilge sula dtosaíonn tú amach ar an leabhar a léamh. Má tá an leabhar ‘úd léite ag éinne (mo cheol sibh!), céard a cheapann sibh? Arbh’fhiú í a fháil beag beann ar an gcostas?

    #44385
    Jonas
    Participant

    Tá an leabhar san agam agus is iontach féin é! Má tá suim agat sa teanga agus sna canúintí, molaim dhuit é a cheannach, cinnte!

    #44388
    Onuvanja
    Participant

    “Bhí spéis agam sa leabhar ‘úd i gcónaí,”

    Tá spéis riamh agam sa leabhar úd = I have always been interested in that book
    Bhí spéis riamh agam sa leabhar úd = I had always been interested in that book
    Bíonn spéis i gconaí agam sa leabhar úd = I am always interested in that book
    Tá spéis i gcónaí agam sa leabhar úd = I am still interested in that book

    GRMA! Rinne mé dearmad air nach mbaintear úsáid as “i gcónaí” san aimsir chaite. 🙂

    #44452
    Onuvanja
    Participant

    A Jonas agus a Charmanaigh! Go raibh maith agaibh as spreagadh a thabhairt dhom an leabhar ‘úd a léamh. Is dócha go bhfaighidh mé ar ball í.

Viewing 4 posts - 1 through 4 (of 4 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.