Taighde ar fhoghlaim na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh: Múinteoirí á lorg

Fáilte (Welcome) Forums General Discussion (Irish and English) Taighde ar fhoghlaim na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh: Múinteoirí á lorg

Viewing 3 posts - 1 through 3 (of 3 total)
  • Author
    Posts
  • #36751
    Frances Mulraney
    Participant

    A chairde,

    Táim ag tabhairt faoi thaighde faoi láthair ar fhoghlaim na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh mar chuid de mháistreacht sna daonnachtaí digiteacha i gColáiste na Trionóide. Tá sé mar aidhm agam áis a chrúthú le bailiúchán téascanna ar líne a chabhróidh le scileanna léitheoireachta a fhorbairt agus a fheabhsú. Tá orm riachtanais úsáideora a chur le chéile ar dtús, áfach, agus ba mhaith liom labhairt le múinteoirí na Gaeilge leis na príomhdheacrachtaí atá ag foghlaimeoirí a phlé agus conas gur féidir linn na deacrachtaí a réiteach leis an mbailiúchán seo. Dá mbeadh spéis ag éinne agaibh ann nó aithne ag éinne eile a mbeadh spéis acu ann, bheinn fíorbhuíoch daoibh. Má tá tuilleadh eolais uaibh (nó spéis agaibh labhairt liom) is féidir teacht i dteagmháil liom anseo nó ríomhphost a chur chugam ag frances.mulraney@gmail.com.

    Beirigí bua, a chairde!

    #45358
    Héilics Órbhuí
    Participant

    Cá bhfuil tú i do chónaí ?

    Is í an phríomhdheacracht a bhfuil gach mac léinn thar lear ag streachailt leis ná easpa cainteoirí, agus easpa deise a gcumas i labhairt agus tuiscint a fhorbairt. Is féidir le gach éinne rialacha agus araile a fhoghlaim óÂ théacsanna agus araile, ach sin srathair in áit na diallaite, i gcompráid le bheith ag labhairt agus ag éisteacht agus do chuid Gaeilge a chur i bhfeidhm i ndáiríre.

    #45363
    Frances Mulraney
    Participant

    Tá cónaí orm féin i mBaile Átha Cliath faoi láthair ach is dóigh nuair a thosaigh mé féin amach ag foghlaim na Gaeilge i gceart, bhí fadhbanna foghraíochta agam agus mar sin, tá spéis agam sna daoine a bhfuil fadhbanna cosúil leis sin acu chomh maith.

    Go raibh maith agat as ucht an chomairle sin. Luaigh na múinteoirí ar labhair mé leo go dtí seo an rud ceannann céanna liom, go bhfuil gá le háit ar leith a bheith ann inar féidir le daoine a gcuid Gaeilge a chleachtadh lasmuigh den seomra ranga ar bonn sóisialta.

Viewing 3 posts - 1 through 3 (of 3 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.