Táim ag iarraidh tras-scríbhinn a dhéanamh ar agallamh le Brian ó Dochartaí. Creidim gurb í Gaeilge na Mumhan atá i gceist agus ní thuigim achan rud ró-mhaith mar gheall ar sin.. Thuig mé an chuid is mó den agallamh ach bhí mórán nach raibh mé in ann a thuiscint ag an am céanna.
Dhealaigh mé na codanna nach raibh mé in ann a thuiscint nó codanna ina raibh cúpla focal nach eol dom, agus rinne mé comhaid éagsúla mp3 díobh.
Má tá fonn ag éinne cúnamh a thabhairt dom agus beagán cleachtadh a fháil dó féin, níl ort ach an comhad zip a íoslódáil anseo
[url=https://www.sendspace.com/file/e72tsm]https://www.sendspace.com/file/e72tsm[/url]
(ná bí imníoch, níl sé ach 4 mb, tuairim is 6 nóiméad ar fhad)
agus scríobh amach cad atá ráite ag a bhfear agus uimhir an chomhad atá ag gabháil leis.
Ní gá duit, ar ndóigh, iad go léir a scríobh mura mian leat. Bheadh fáilte roimh pé ar bith saothar a chuireanns tú insteach ann 🙂