Triail Chluaise arís

Viewing 2 posts - 1 through 2 (of 2 total)
  • Author
    Posts
  • #36802
    Héilics Órbhuí
    Participant

    Bheinn an-bhuíoch dóibh a bheadh in ann cúnamh a thabhairt dom leis na bearnaí seo a líonadh isteach nó ceartúcháin a thabhairt maidir leis an téacs ar fad (go háirithe na comharthaí ceiste). Is é “Argóint Oisín agus Phádraig” le Tom Pheaidí mac Diarmada atá i gceist. [url=https://www.sendspace.com/file/z8tt31]Íoslódáil anseo[/url]

    Tá sé ráite riamh ag na seanfhiannaí gur chaith Oisín trí chéad bliain i dTír na nÓg ar _____ é a ardú léi siar ó Fhionn mhac Cumhail agus maireachtáil i dTír na nÓg agus níor tháinig lá a ____ . Ach níor chaith sé trí chéad bliain ann nó gur chuimhnigh sé ar na ___ uaidh agus ar a mhuintir a d’fhág sé ina dhiaidh. Agus níor airigh sé na trí chéad bliain ag dul thairis. Ach nuair a chuimhnigh sé air níorbh fhéidir é a choinneáil as a mbaile. Níorbh fhéidir é a choinneáil gan é a theacht ar ais go hÉireann. Agus tháinig sé ar ais. Is an chéad rud a chonaic sé agus é ar a chapall bán, an capall ar imigh sé don Tír na nÓg uirthi, nuair a tháinig sé go hÉireann agus a chonaic sé an Éireann a bhí roimhe, bhí a fhios aige go maith go raibh achar fada imithe as baile aige. Céard eile a chonaic sé fear mór agus cána buí aige ag dul thairis agus hata easpaig air, agus cé a bhí ann ach Naomh Pádraig. Leabhar ina lámh agus é dá léamh.
    “A Phádraig na sailm sámh” a deir Oisín, “nach mór an grá atá agat do Dhia. Nach ndoirteodh do leabhar uait go fóill agus éisteacht le glór an lon dubh. An lon dubh thall ar an gcraobh. Nach deas díonmhar mar gníonn sé nead. Cé nár éist sé aifreann riamh ón gcléir. Ach is binn ríméadach mar ghníonn sé fead.”
    Chuir sé olc ar Naomh Pádraig. “Briathar do sheanchais liom”, a deir Naomh Pádraig. “Éirigh i do shuí agus éist le tsailm cé gur chaill tú do lúd (?) is do rith (?) agus go gcuirfeá catha ón nglór garbh (?)” Chuir sé fearg níos mó ar Oisín.
    “Má chaill mise” a deir sé “mo lúd agus mo rith agus nach maireann an _______ an do chléirse níl mo spéis-se agus ceol dá n-éist__ ní binn liom (?). Ba bhinne liomsa a bheith ag éisteacht le sclocarnaíl an chríoch Leitir nó amharc a fháil ar bhroc _____ ná bhfaighinn de phléisiúr in do scéalsa ná bhfaighinn de shult a bhflaithis a adhamh (?)
    “Ó, Oisín” a deir sé, “an bhfuil a fhios agat gur mar gheall ar ithe úll na haithne a damnaíodh na seacht gcatha breá ag a ____. ”
    “Deirimse an fear a bhíonn do dhia(?)” a deir Oisín. “An fear a dhamain na seacht gcatha breá a bhí ag a ___ le linn Chormac mac Artaigh a bhí orainn a rí in Éireann go gcuirfid sé seacht múillí (nó mbullaí ?) agus seacht gcapla le úllaí go flaithis Dé.”
    “Go bhfóire Dia ort a Oisín” a deir Naomh Pádraig. “Níl beann a bhí ag Dia ar na húllaí. Ach chuir sé Adhamh agus Éabha sa ngairdín agus ba ghearr go dtáinig an t-athair nimhe, an Diabhail, agus chuir sé comhairle na naimhde orthu crois na naithne a bhriseadh. Mar thagann solas ar an ngealach nó mar chuireanns sa talamh__ an bláth, marach gur ith Éabha an t-úll, bheadh ár mbeatha sa _____ le fáil”
    “Agus céard a rinne Fionn mhac Cumhail” a deir Oisín. “Nár mhaith le do Dhia (?). Ach ___ óir agus bia a thabhairt do chuile dhuine. Níor ____ é ar aon fhear. Ach ba rí é le ____. Dá bhfeiceann sé” a deir Oisín, “Diarmad agus do Dhia ag spairnéalacht lena chéile ar an tulaí ardú don thír (?) Nuair a d’fheiceann sé Diarmaid ar lár” a deir Oisín “deireann (?) sé an uair sin go mba é do dhiasan an fear ab fhearr. A Phádraig na ______” a deir sé “a thug ormsa an freagra dána. Ba ghearr go mbeadh do bhachall ina bascadh nó bruscar. Dá mbeadh oscar i do láthair a Phádraig na bachaille buí” a deir sé “a dheineanns a ________, dá mbeadh oscar le do thaobh is gearr go bhfaighfeá cornadh de _____ (?) ”
    “Fionn mhac Cumhail” a deir sé “nach bhfeicfidh tú go deo aríst” a deir Naomh Pádraig. “Agus is mar gheall air” a deir sé” a damnaíodh (?) na seacht gcatha breá a bhí ag an ___ “
    “Ó” a deir Oisín “a Phádraig” a deir sé, “deirimse an fearr a bhíonn do dhia (?) agus a dhamain na seacht gcatha breá a bhí ag an ____ nuair a bhí Chormac mac Artaigh ina rí orainne Éireann go gcuirfid sé seacht miúilí (nó mbullaí ?) agus seacht gcapla le úllaí go flaithis Dé.”
    “Go bhfóire Dia ort a Oisín” a deir Naomh Pádraig. “Níl beann a bhí ag Dia ar na húllaí. Ach chuir sé Adhamh agus Éabha sa ngairdín agus ba ghearr go dtáinig an t-athair nimhe, an Diabhail, agus chuir sé comhairle na naimhde orthu crois na naithne a bhriseadh. Mar thagann solas ar an ngealach nó mar chuireanns sa talamh__ an bláth, marach gur ith Éabha an t-úll, bheadh ár mbeatha sa _____ le fáil. Ó, Oisín” a deir sé, “an bhfuil a fhios agat gur mar gheall ar ithe úll na haithne a damnaíodh na seacht gcatha breá ag a ____. ”
    “An fear a bhíonn do Dhia” a deir sé “a dhamain iad” a deir sé “ní éistfinn leis go héag.”
    “Oisín” a deir Naomh Pádraig, “ba cheart duit” a deir sé “dá dtiocfá liomsa go Loch Dearg agus suim a chur insna seacht gcatha breá a bhí ag an ___.
    “Mo chrá nár fhan mé (?)” a deir Oisín “má théimse leat go Loch Dearg, mar nach bhfaighinn ann ach arán agus uisce agus olc a thiocfadh do sheanathair Liam Armaigh (?).”
    “Oisín” a deir sé “níl Fionn mhac Cumhail anseo níos mo in Éireann agus ní beo thú” a deir sé “ina dhiaidh ach ___ caintimid muid, caintimid muid agus éistimid le soiscéal Dé”

    #45611
    Héilics Órbhuí
    Participant

    “Léitear dúinn é sin i mbeatha na naomh nach bpeacaí na drúisc go dtí dhá bhliain déag ach fiach (?) gur damnaíodh ___ na seacht mbliain, an t-athair, a mháthair, agus é féin. Trí luach saoire atá le fáil againn (?) de bharr a bheith ______ agus an maslú Dé. Má tá an mí-ádh giorra don saol agus ifreann le linn Dé (?) níl aon ___ a ngearradh tú feoil Chriost (?). Nach gcroitheann sé trí huaire a lámh agus deireann (?) sé an créatúr a chruthaigh mé go bhfuil sé do mo chur arís chun báis. Is mairg a bhíonns teann ar an saol gearr. Agus ganfhios againn cáid (?) uainn ceann ár léas (?) níl ach sméideadh orainn ón mbás agus caitheamh an t-anam a dul i láthair Dé. Nuair a thiocfas an t-anam i láthair Dé faoi bhreithiúnas mór trom níl aon ní le cur againn leis ach troscadh, urnaí agus déirce. Mara dtuga tú uait ach gloine den uisce fuar a bhíos thall ón ngrian (?) sna flaithis. ___ tú a luach ach é a thabhairt uait in ainm Dé.
    “Ó” a deir Oisín “ní gaire dom éisteacht le do ghlór agus ní faide uaim glór do bhéil. “Ná creidiúint ná cuimhniú in onór Dé. B’fhearr liomsa Fionn mac Cumhail a fheiceáil de léim (?) ná céad mar do Dhia a fheiceáil níos tréine. “
    “A Oisín” “tá sé sin siúd an ifreann ar lámh. An fear sámh a ___ a tóir (?) agus imeoidh tusa mar d’imigh an éan (?) ach caintíodh muid (?) ar Dhia go fóill. Léitear dúinn i mbeatha na naomh nach bpeacaí na drúisc go dtí dhá bhliain déag ach fiach (?) gur damnaíodh ___ na seacht mbliain, athair, a mháthair, agus é féin. Faoi an-tuille (?) a thugadar do Dhia, faoi ______ agus faoi mhaslú Dé. An té a bhíonns a ______ agus an maslú Dé, bíonn a theanga dóite in a bhéal, bíonn sciúirse roimhe as gach bealach agus bóthar dá dtiocfadh sé é agus __ croí atá go holc dá chúrsa (?) bíonn sé ina mheall brimstone i lár a chléibh. Trí luach saoire atá le fáil againn (?) de bharr a bheith ______ agus an maslú Dé. Má tá an mí-ádh giorra don saol agus ifreann le linn Dé (?) ___ a ngearradh tú feoil Chriost (?). croitheann sé trí huaire a lámh agus deireann (?) sé an créatúr a chruthaigh mé tá sé do mo chur arís chun báis. Is mairg a bhíonns teann ar an saol gearr. Agus ganfhios againn cáid (?) uainn ceann ár léas (?) níl ach sméideadh orainn ón mbás agus caitheamh an t-anam a dul i láthair Dé. Nuair a thiocfas an t-anam i láthair Dé faoi bhreithiúnas mór trom níl aon ní le cur againn leis ach troscadh, urnaí agus déirce. Mara dtugann tú uait ach gloine den uisce fuar a bhíos thall ón ngrian, sna flaithis gheobhas tú a luach ach é a thabhairt uait in ainm Dé. Ó Oisín, ba chóir duit dá dtiocfá liomsa go Loch Dearg ag guidhe na ngrásta agus an moladh Dé.”
    “Mo chrá nár fhan mé (?)” a deir Oisín “má théimse leat go Loch Dearg, ag guidhe na ngrásta agus an moladh Dé, mar nach bhfaighinn ann ach arán agus uisce agus olc a thiocfadh sin do sheanathair Liam Armaigh (?).”
    “Ó Oisín” a deir sé “dá dteagfá liomsa go Loch Dearg ag guidhe na ngrásta agus an moladh Dé, b’fhéidir go bhfaighinn ó Dhia amharc a thabhairt duit ar na seacht gcatha breá a bhí ag an ____ ” agus ar ndóigh tháinig gliondar ar Oisín an uair sin dá fheicfeadh sé iad.
    “Ó mo chrá nár fhan mé (?)” a deir Oisín “má thiocfaidh mé leat go Loch Dearg, ag guidhe na ngrásta agus an moladh Dé, agus d’imigh leo go ndeachadar go Loch Dearg agus ___ Naomh Pádraig seacht n-oíche agus seacht lá ar Oileán Loch Dearg le go bhfuair sé amharc ó Dhia faoi dheireadh ar na fianna ____ an fré chéile go hiomlán ___ agus dár ósta (?) ____ faoi ifreann. Agus nuair a chonaic Oisín é, chuir sé scread a bháis as.
    “ÓÂ Phádraig” a deir sé “an bhféadfá an créatúr fianna __ Éireann a fhuascailt ón ngábh a bhfuil siad ann?”
    Bhí sé chomh maith dó b’Oisín (?)” a deir sé “a bheith ag sníomh ___ do ghaineamh na trá. Nó caitheamh clocha leis sa ngealach siar. Éan ina dhá bhuille (?) i dteach na bpian ní fhagfaidh sé é go dtí lá an bhreithiúnais. Caithfidh an t-anam míle bliain a chaitheamh in ifreann in aghaidh gach gráine gainimh dá bhfuil ar an trá nó in aghaidh gach seamaide dá bhfuil ar a mhéar. Dá mba pápéar é an talamh glas agus peann cleiteach é an éan (?), an fharraige mhór ar fad ina dúch agus clann ___ ar fada na gcléir, deachma, tinteachaí ifreann ní chuirfidís i gcéill (?).
    D’imigh leo agus ar Loch Dearg. D’imigh leo thart timpeall. “Anois a Phádraig” a deir sé “tabhair _______. Agus gearr mo chuid feola chomh mion leis an gcré agus a seanchroí bradach atá i lár mo chléibh agus atá mé ag iarraidh na honóir ort” a deir sé “mé a bhaisteadh in onóir Dé.”
    Bhaist Naomh Pádraig Oisín, agus nuair a rug sé ar a gcána, bhí ag Naomh Pádraig aghaidh (?) na heaspaig sháigh (?) sa talamh lena thaobh é, agus cén áit a chuireadh sé síos ____ coise, “Oisín. Ó Oisín” a deir sé “tá cás orm. Creidim é sin gur ghortaigh mé thú.
    “Ó beirim do Dhia” a deir Oisín. “Shíl mé gur cuid den bhaisteadh a bhí ann.” Trí mí a mhair Oisín beo ar __ sé a bhaisteadh. Trí _______ _______ le teann deoir (?) ____. Ní raibh airíoch le fáil, ní b’fhearr ná é, ní bheidh sé tuirseach go brách ag guidhe na ngrásta agus ag moladh Dé.

Viewing 2 posts - 1 through 2 (of 2 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.