úsaid an ailt

Viewing 5 posts - 1 through 5 (of 5 total)
  • Author
    Posts
  • #36720
    Setanta
    Participant

    “Is ball de chuid an phanda í duilleog” ach

    “Is ball de chuid planda soithíoch í duilleog” nó “Is ball de chuid an phlanda soithíoch í duilleog”? Sílim nach n-úsáidtear an t-alt sa chás so? an bhfuil an cheart agam?

    GRMA.

    #45170
    Onuvanja
    Participant

    B’fhéidir “Is ball de chuid an phlanda shoithíoch í an duilleog”?

    Déarfainn féin nach féidir an t-alt a fhágáil ar lár anseo, mar “saighdiúir de chuid na Fraince” srl a deirtear.

    #45171
    Hugo
    Participant

    Aontaím le hOnuvanja. Má úsáidtear “de chuid”, caithfidh an t-alt a bheith ann.

    #45172
    Seáiní
    Participant

    Is dócha go dtiocfadh leat a rá ’ball de phlanda….’
    Ach sílim go gcuireann ‘de chuid’ rud cinnteach in iúl. Ar an ábhar sin ba chóir go mbeadh an t-alt ann. Ach ní seo ach barúil do mo chuid féin!

    Seo ceist shuimiúil

    #45185
    Cúnla
    Participant

    An dteastaíonn “de chuid” ar aon chor? “Ball de phlanda soithíoch í an duilleog…”

Viewing 5 posts - 1 through 5 (of 5 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.