/w/ vs /v/ – which to use and when!?

Fáilte (Welcome) Forums General Discussion (Irish and English) /w/ vs /v/ – which to use and when!?

Viewing 4 posts - 1 through 4 (of 4 total)
  • Author
    Posts
  • #36735
    AnCuinneach
    Participant

    Hi all,

    Ceist bheag ó fhoghlaimeoir Átha Cliath – cathain a deirtear /w/ nó /v/ le focail a thosnaíonn le “bh” agus “mh”.

    Mar shampla, deirim “mo mhála” le /w/ (wála) ach tá /v/ cloiste agam freisin (vála).

    Bhíos ag smaoineamh air seo inniu nuair a chonaic mé comhartha do “Meaisín Ticéad” – i mo cheann, déarfainn “veaisín” (chuir mé mo chárta isteach sa mheaisín). Dealraíonn “weaisín” greannmhar domsa ach ag an am céanna, déarfainn “mhúinteoir” le /w/.

    An mbraitheann sé ar an gconsan (b nó m), ar an nguta a leantar (a,o,u / i,e) nó ar an gcanúint?

    Aon smaoineamh?

    GRMA.
    Brian-

    #45265
    Héilics Órbhuí
    Participant

    An mbraitheann sé ar an gconsan (b nó m), ar an nguta a leantar (a,o,u / i,e) nó ar an gcanúint?

    Braitheann, go díreach. Níl a fhios agam an bhfuil canúint ar bith ann ina ndeirtear “w” más guta caol atá i gceist.

    Cloistear “deimhin” amhail is dá mba “deighin” an litriú atá air, in áiteanna (Ciarraigh, sílim), ach sin scéal eile.

    #45266
    Onuvanja
    Participant

    Go bhfios dom, níl aon difríocht idir “b” agu “m” agus iad séimhithe i dtosach an fhocail (mar shampla, “mo bhád” agus “mo mhála”).

    Maidir leis na canúintí, seo sliocht as an alt Irish Phonology atá ar fáil ar an Vicipéid.
    http://en.wikipedia.org/wiki/Irish_phonology

    /w/ (which can be written as bh, mh, or v) has two basic allophones: the labiovelar approximant [w] and the velarized voiced labiodental fricative [vË ]. The distribution of these allophones varies from dialect to dialect. In Munster generally only [vË ] is found (Sjoestedt 1931:28-29), and in Ulster generally only [w] (Quiggin 1906:74-76). In Connacht [w] is found word-initially before vowels (e.g. bhfuil [wɪlʲ] “is”) and [vË ] in other positions (e.g. naomh [nÌªË iːvË ] “holy”, fómhar [ˈfË uːvË É™É¾Ë ] “autumn”, bhrostaigh [ˈvË É¾Ë É”sË tÌªË É™] “hurried”: Finck 1899:64-67, de Bhaldraithe 1966:30-31).

    #45267
    Seáiní
    Participant

    De ghnáth leanann fuaim an ‘w’ le focalaí leathana, mar shampla ….. Mo bhád , mo mhála

    Ach is gnáth go ritheann fuaim an ‘v’ le foclaí atá caol, mar shampla….. mo bhean , mo mhian

    Mar sin, de mo dhóigh féin agus dá bhfuil a fhios agam, braitheann sé níos mó ar na litrí a leanann na consain .i. Caol nó leathan.

    An méid sin ráite, tá cásanna éagsúla ina ndeirtear an fhuaim ‘v’ in áit ‘w’, agus sílim go mbraitheann sé seo níos mó ar bhlas an chainteora! An bhean bhocht mar shampla. Cluinim go mion minic é seo agus .

Viewing 4 posts - 1 through 4 (of 4 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.