Lughaidh

Forum Replies Created

Viewing 15 posts - 631 through 645 (of 664 total)
  • Author
    Posts
  • in reply to: #40269
    Lughaidh
    Participant

    I guess Bríd would be very happy to record these for you and to put her recordings on Forvo 🙂 🙂 🙂

    in reply to: #40253
    Lughaidh
    Participant

    Here, “chuala” means “I heard”, so “chuala thú” is “I heard you”.
    That’s Munster Irish 🙂 (or maybe old Munster Irish, I don’t know if people still say that now).

    in reply to: #40236
    Lughaidh
    Participant

    Tuigim a bhfuil á rá ag Lughaidh ach is ionadh liom go nglacfadh sé go dáiríre liom. Nílimse ach ag déanamh grinn agus ag cumadh.

    bhail, ta cuid mhor daoini sa la ata inniu ann a déarfadh na rudai a scriobh tusa, sin an fath ar chreid mé go rabh tu dairire…

    in reply to: #40231
    Lughaidh
    Participant

    Cuireann sin iontas orm; de réir mo thuiscint cnuasaíodh bailiúcháin na Scoil sular raibh aon chaighdeán ann!

    Bhí cineál do chaighdeán ann. Amhanc ar an leabhar agus tchífidh tú. Scríobh an t-eagarthóir (Dónall Ó Baoill):

    “Thig a rá i gcoitinne gus Gaeilge na háite atá san ábhar ar fad taobh amuigh de roinnt eisceachtaí”

    agus ‘na dhiaidh sin tá leathanach go leith d’eisceachtaí (ie. rudaí caighdeánacha, a d’athraigh an t-eagarthóir), mar shompla:

    (i) Fuarthas deirí briathra mar -‘(e)amar’, ‘-eoidís/-óidis’ scríofa thall agus abhus mar gur measadh gurb é sin an caighdeán a d’fhóir ag an am. Áit ar bith a dtáinig mé ar leithéid sin d’athraigh mé iad agus is iad na foirmeacha pearsanta ‘muid’ agus ‘siad’ a gheofar ina n-áit.

    agus mar sin dó…

    in reply to: #40228
    Lughaidh
    Participant

    Is í an fhadhb a fheicimse leis an mBéaloideas ná go mbaineann sé le saol atá imithe go huile is go hiomlán. Cé a chreideann anois i síóga? I liombó? I dtaibhsí? In orthaí? Leigheasanna? Geasa? An t-ádh agus an mí-adh. Cé a chreideann i Santy? I síog na bhfiacal? Sa dúileamh mór féasógach? Ní bheadh am agam dul sa tóir ar a leithéid.

    Is cuma cé acu a chreideas tú iontu nó nach gcreideann. Is cuid do chultúr na nGael é sin. Caithfear sin a choinneáilt.
    Cibith, níl sé níos amaidí creidbheáil sna síógaí nó sa liombó nó sna taibhsí, ná creidbheáil go mbeidh níos mó áidh ort ar an Aoine 13ú do mhí ineacht nó go bhfuil ádh ort má fhaghann tú seamróg na gceithre nduilleog. Ná creidbheáil i nDia féin. Níl fianaise ar bith do na rudaí sine uilig cibith. Ach is cuma, caithfidh an Gael eolas a bheith aige air sin, siocair gur páirt iad sin do chultúr na tíre.

    B’fhearr liomsa anc romham go dtí an saol (dearóil) atá ag bagairt orainn agus ar a dtarlóidh nuair nach mbeidh euro ag Angela Merkel féin le híoc as ár bpinsin agus go mbeidh meirg agus dusta ar an bpoll sa bhalla cheal úsáide. Is í an cheist a bheidh ann feasta ná an chaoi le teacht ar uisce inóil agus an mbeidh an té ar leis an tobar ag iarraidh cúitimh as an uisce a thabhairt do dhaoine.

    muna bhfuil suim agad sa chultúr, agus muna bhfuil suim agad ach ins an eacnamaíocht agus ins na riachtanais bhunúsacha, tuighe a bhfuil suim agad sa Ghaeilg? Ní gá Gaeilg a labhairt le mairstint beo cibé ar bith.
    Ach éist, in am an ghá, go díreach, cuideann an cultúr leat le saol níos deise a bheith agad. Muna bhfuil ar d’intinn ach fadhbannaí eacnamaíochta agus ganntas agus mar sin dó, is truaigh liom thú. Tá rudaí níos galánta ann.

    Is maith ann iadd iarsmaí an tseanshaoil ach ní hionann iad agus Gaeilge bheo na nGaelscoileanna is Ghaeltachtaí an lae inniu.

    Is dheá chuid do chultúr na hÉireann an Ghaeilg agus an béaloideas. Caithfear an dá chionn a choinneáilt. ‘S fearr leat an Ghaeilg agus is cuma leat fán bhéaloideas, ceart go leor, tá cead agad. Ach sílim féin gur chóir achan pháirt do chultúr na tíre a choinneáilt.

    in reply to: #40226
    Lughaidh
    Participant

    Sin an fhadhb, go direach.
    Agus ina theannta sin b’fhearr na scéaltai a bheith taifeadta fosta, siocair go silim go bhfuil siad scriofai ins an chaighdean.
    Rinneadh leabhar leis na scéaltai a scriobh paisti scoile pharoiste Ghaoth Dobhair (is é “Amach as ucht na sliabh” teideal na leabhaire) agus bhi siad ins an chaighdean don chuid is mo agus b’éigean don udar iad a scriobh arist i gcanuint na haite fa choinne ‘n fhoilsiuchain…
    Da mbeadh siad taifeadta cha dtarlochadh sé… siocair nach labhrann muitir na Gaeltachta an caighdean…

    in reply to: #40224
    Lughaidh
    Participant

    Ta mé cinnte go bhfuil scéaltai ann nar taifeadadh go foill (go hairid leis na seanchaithe).
    Agus b’fhearr stuif na scoltach a chur ar an idirlion, ionas go dtiocfadh le achan nduine éisteacht leofa… Muna bhfuil siad le failt ach i seamra do chuid UCD, ta mé cinnte, nach dtéid moran daoini a dh’éisteacht leofa, nuair ata cuid mhor daoini in aiteacha eile ar mhian leofa éisteacht leofa agus nach dtig leofa…

    in reply to: #40213
    Lughaidh
    Participant

    Also, the latest video posted has me wondering to what extent the oral traditions are kept alive? The great stories of old passed down by word of mouth.

    Not so sure they are passed down. I’m sure the seanchaithe would be happy to be recorded while telling all the stories they know, before they die. For instance, John Ghráinne. But I don’t think that work has been done and I wonder why, since there are people who are being paid for work like that in Ireland, as far as I know.
    It’s quite frightening to think that all these stories may disappear tomorrow if the seanchaí dies. This oral tradition has been constantly passed down since the Iron Age at least, and it may disappear completely tomorrow! In ainm Dé, what are these people waiting for?

    Same thing with their language. They know thousands of idioms and words used by older speakers, that even young native speakers don’t know nor use (nor understand, maybe). And who recorded them?

    in reply to: An Fhoirm Leanúna #40207
    Lughaidh
    Participant

    Go raibh míle maith agat a chara. Bím trí na chéile faoin rud sin go minic. Mar sin, cuirtear séimhiú ar an mbriathar má‘s ainmfhocal firinscneach atá ann, ní shéimhítear ná uraítear an briathar má‘s ainmfhocal baininscneach atá ann ach cuirtear séimhiú roimh ghuta agus uraítear an briathar má tá an t-ainmfhocal san uimhir iolra?? Mar sin, an ceart dom a rá “Tá an Ghaeilge á múineadh i dtíortha éagsúla” ?

    Seadh.
    Ach bí cúramach: le hainmfhocal bhaininscneach, ní “chuirtear séimhiú roimh ghuthaí”, siocair nach féidir séimhiú a chur roimhe ghuthaí: deirtear go gcuirtear h roimhen ghuthaí. Níl baint ar bith eadar an h sin agus séimhiú (cha dtarlann siad ins na cásannaí céarna ar chor ar bith). Amannaí teagascann na múinteoirí gur séimhiú ar ghuthaí atá ann ach níl sé ceart agus dá dheasca sin ghníonn na foghlaimeoirí meancógaí!

    Le fírinne, leis an “á” sin roimhe ainm bhriathartha, úsáidtear na rialacha céarna agus leis an aidiacht shealbhach:

    – séimhiú ar chonsan más ainmfhocal firinscneach uathadh atá ann
    – h a chur roimhe ghuthaí más ainmfhocal baininscneach uathadh atá ann
    – urú más ainmfhocal iolradh atá ann

    mar sin :

    a charr (his carr) & tá mé á thabhairt (I am taking him)
    a carr (her carr) & tá mé á tabhairt (I am taking her)
    a gcarr (their carr) & tá mé á dtabhairt (I am taking them)

    in reply to: #40205
    Lughaidh
    Participant

    Gheobhthá “Saor Ulaidh” nó “Saor Cúige Uladh” dá mba bhriathar é.

    in reply to: #40200
    Lughaidh
    Participant

    an rud nach féidir LEIS bheith buan.

    in reply to: An Fhoirm Leanúna #40198
    Lughaidh
    Participant

    An gcuirtear urú ar an mbriathar má tá an t-ainmfhocal san uimhir iolra mar seo: ‘tá teangacha éagsúla á bhfoghlaim agam’ agus séimhiú nuair atá an uimhir uatha ann ‘tá sé á dhéanamh agam faoi láthair’ nó an cheart ‘á déanamh’ a rá sa chás san nó……?

    Braitheann an t-athrú toisigh ar inscne agus ar uimhir an ainm a ndéanann an forainm tagairt dó.
    Tá sé á dhéanamh agam (>ainm firinscneach)
    Tá si á hól agam (>ainm baininscneach)
    Tá siad á mbriseadh agam (>ainm iolra).

    Ach sin an fhoirm leanúnach ins an chaí chéasta (passive), thig leat sin a ráidht níos simplí:
    tá mé á dhéanamh
    tá mé á hól
    tá mé á mbriseadh

    in reply to: #40197
    Lughaidh
    Participant

    I think it is a Béarlachas.

    in reply to: #40193
    Lughaidh
    Participant

    Saor Uladh would mean “Ulster’s mason” or “Ulster freeman” in the singular. Since “Uladh” is a genitive, it couldn’t be “free Ulster” (in the meaning “make Ulster free”, ie. with “saor” as a verb).

    in reply to: #40190
    Lughaidh
    Participant

    😆 😆 😆 😆 😆 😆

Viewing 15 posts - 631 through 645 (of 664 total)