Is dóigh go bhfuil an ceart ag Pádraigín Rua. Míníonn na hanairtí seo a leanas an chaoi a mbaintear úsáid as an leagan cainte ionlaos pocaide. I bhFoirisiún Focal as Gaillimh a fuair mé iad (l. 126).
Rinne sé ionlaos pocaide dhó — Rinne sé scéal an ghamhna bhuí de.
Ná bain ionlaos pocaide as — Ná bí rófhada leis.
Ina theannta sin, deir an foclóirín go dteagann na samplaí seo as Cois Fhairrge, arbh as don Chadhnach.