Cart

Recent Posts

A Christmas Article from Barra Ó Donnabháin

Go Máire an Óige i bhFad Inár gCroí

Tá Nollaig eile buailte linn agus an t-áthas agus an draíocht agus an brón a ghabhann leis. San alt seo táim-se chun giotaí as dhá chur sios ar an Nollaig a thabhairt daoibh. An chead cheann fuaireas san gCaomhnóir (nuachtlitir Fhondúireacht an Bhlascaoid é.) An Nollaig sa Bhlascaoid – Lís Mharas Mhuiris a rá le Máirín Ní Laoithe. An tarna ceann is as Aistí ó Chléire le Donnchadh Ó Drisceoil é. Téighimis siar, mar sin, ar bhóithrín na smaointe i dteannta na beirte seo go bhfeicfimid an saol mar a bhí sé aimsir na Nollag ar na hOileáin fadó.

Ó an scóp a bhíodh ar a raibh ann aimsir na Nollag beannaithe. Bhíodh meidhreach, draíocht san aer, an ghealach agus an ghaoith anoir agus an fharraige mar róil sholasmhar agus na coinnle agus na naomhóga ag déanamh amach ar an bhfaill ag déanamh ar Aifreann, glór na maidí agus an ghlioscarnach. A Dhia thógfadh sé mairbh as uaigh.

Bhíodh caora marbh ins gach aon tigh agus í crochta sa chistin – b’shin í an turcaí a bhíodh aca. Bhíodh putóga déanta ag na mná agus an dúthracht a chaithfidís lena ndéanamh agus an boladh breá a bhíodh uatha nuair a róstaí iad maidin lae Nollag.

Tá cur sios ag Lís ar choiriú na dtithe agus an turas ‘on Daingean chun lón na Nollag a cheannach. Gach éinne ag fanacht leis an bpoist roimh Nollaig le litir ó Mheiriceá nó ó éinne a bhí in aimsir fén dtír le súil le cúpla punt a chabhródh lón na Nollag a cheannach. An Daingean ansan – chaithfí dul ‘on Daingean chun an lón a bhailiú isteach. Dheinidís lá mór don lá san. Cad é deoch agus cairdeas agus bailiú -an scóp- cístí agus ubh agus na braiceanna móra rúnálta. Deirimse leat go mbíodh ithe ionta.

Oíche Nollag bhíodh langa i gcóir an dinnéir le praiseach bhán nó geir leáite. Bhíodh suipéar ansan le cistí agus subh, am lasta na gcoinnle tar éis na Corónach. Bhímis inár mbeirteanna ansan ag dul ó thigh go tigh féachaint cén tigh ba dheise a bhí na coinnle agus an ród gléasta go Dhún Chaoin agus na soilse agus an ghealach agus an t-áthas agus an mheidhir.

Deirtí nár cheart dul a chodladh gan babhta beag rince a dhéanamh agus thógadh Ceaist amach an veidhlín agus dheintí seit ban. Gan dabht Saintí agus gach on leanbh san oileán agus a stoca ar croch acu ar an adhartá. Deireadh na seandaoine leis na leanaí a bheith go maith nó go n-inseoidh éinín (an ghlasóg sráide) an scéal go léir do Saintí agus go mbeadh a stoca folamh. Gheibhmís úll agus oráiste agus cúpla milseán, ribín nua b’fhéidir, nó péire stocaí, b’fhéidir bréagán. Ó an t-áthas agus na sceitimíní agus sinn go léir chomh sásta le diúc.

Bhíodh na langaí ag muintir Chléire freisin agus ar ndóigh dhíoltaí na héisc seo ar an margadh in Scibirín um Nollaig. Deir Donnchadh – Is minicí ná a mhalairt gurb é airgead seo na langaí a cheannódh lón na Nollag do lucht na n-oileán agus an chósta. Ní fhágfaí éinne gan bhalcais nó ball éadaigh nua éigin i gcomhair na Nollag. Ba gheall le cuid den gcreideamh é sin.

Oíche Nollag féin ní fhágfar easpa ar dhuine ná ar bheithíoch. Gheobhadh cách a sháith mhór de phrátaí, d’iasc agus d’anlann a dhéanfaí d’im, bainne agus oinniúin. Bhíodh an t-iasc agus an t-anlann ar mhéis mhór amháin agus leogaint do chách a sháith do thógaint as le spúnóg mhór a bhíodh leagtha ar imeall na méise. Do lasfaí dá choinnle mhóra ar a laghad ag am dinnéir Oíche Nollag agus bheadh sé déanach sa tráthnóna ansan agus fhágfaí coinneal amháin díobh siúd ar lasadh sa chistin go tar éis an chéad Aifrinn ar maidin.

Tá súil agam gur bhain sibh taitneamh as na giotaí beaga seo. Guím rath Dé oraibh go léir. Nollaig fé shéin is fé mhaise dhaoibh. Fágfad faoi Lís sibh leis an bpictiúr álainn seo.

Ó an draíocht nuair a bhíodh tine mhór lasta agus an tigh scuabtha agus gainimh ón dTráigh Bháin leata timpeall na tine agus arís lasmuigh de bhéal an dorais agus na coinnle lasta agus lasair na tine agus lasair na gcoinnle ag cur compóird agus ag tabhairt sóláis.

Le Barra Ó Donnabháin

NÓTA:  Scríobh Barra Ó Donnabháin breis is 300 alt dhon “Irish Echo” agus roghnaigh sé fhéin 32 dhíobh dhon leabhar “Súil Siar”.  Bhí an leabhar sin aistrithe is curtha in eagar ag a chairde, Hilary Mhic Shuibhne agus Eibhlín Zurell.  Má’s maith leat tuilleadh scéalta ó Bharra a léamh (Le haistriúcháin Béarla chomh maith), tá “Súil Siar” le fáil inár SIOPA anseo.

NOTE: Barra Ó Donnabháin authored over 300 articles for the “Irish Echo” and he himself selected 32 of them for publication in the book “Súil Siar”.  That book was edited and translated by his friends Hilary Mhic Shuibhne and Eibhlín Zurell.  If you’d like to read more stories by Barra (with English translations as well), “Súil Siar” is available in our SHOP here.