Oireachtas na Gaeilge 2008 (Leagan Gaeilge)

by Oct 31, 2008News0 comments

CHUALA MÉ RÁFLA – leis an nGliomach Rua

gliomach

Oireachtas na Gaeilge 2008

Bhí deireadh seachtaine dár saol ag dream Dhaltaí i gCathair Chorcaí le déanaí. Thugamar ár n-aghaidh ar Óstán Bhaile an Róistigh ina a raibh an ceiliúradh bliantúil, Oireachtas na Gaeilge, ar siúil. Bhí Liam Mac Giodaire, Hilary Mhic Suibhne, Úna Mhic Giolla Chuda agus mé féin, Eibhlín Zurell ann i gcomhair seoladh leabhair Bharra Uí Dhonnabháin, Súil Siar.
Oireachtas
gliomach
Is leabhar díaistí scríobhtá ag Barra é Súil Siar. Leabhar dátheangach atá ann agus na bunaistí Gaeilge eagraithe agus aistrithe ag Hilary Mhic Suibhne agus Eibhlín Zurell. Dífhoilsigh Daltaí na Gaeilge an leabhar agus is féidir cóipeanna a ordú anseo.
Nuair a chuamar isteach san Halla Taispeántais bhí sceitimíní orainn ár cairde – sean is nua – a fheiceáil ann romhainn – Molly agus Sóisear Mac Cionnaigh, Marcus agus Caitlín Conneran, Liam Ó Cuinneagáin, Diarmuid Mac Alsándair Mícheál de Mórdha, Maidhc Dainín Ó Sé, Antain Mac Lochlainn, Siuán Ní Mhaonaigh. Aralt Mac Giolla Chainnigh, Daithí Mac Lochlainn, Cormac Mac Fhionnlaoich agus Abigail Mitchell ina measc.
Cairde
Cairde
Bhí muintir Bharra ann chomh maith – a bhean, Delia; a mhac Breandán agus a ghrá geal, Anni, agus Briain Ó Donnabháin, deartháir Bharra.
Barra
Tar éis cúpla focal ó Mhicheál de Mórdha, Bainisteoir, Ionad an Bhlascaoid, chuir sé Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán an Oireachtais, in aithne againn. Fear cairdiúil é an tUachtarán a dúirt go raibh sé ag dul tríd an leabhar go mbeadh sé in ann cúpla focal a rá faoi agus roimh i bhfad bhí an leabhar léite aige. Bhí sé chomh suimiúil bríomhar sin. Díardaigh sé sin ár gcroí. Ansin bleaist cheoil ó Mhaidhc Dainín Ó Sé in ómós dá chara, Barra. Síniú na leabhair a bhíomar ar feadh tamaill in a dhiaidh sin ag bualadh le muintir is cairde Bharra. Ana-ócáid a bhí ann.
Mordha
Donnchadh
Maidhc
Eibhlin
Hilary
Nuair a bhí ár gcuid oibre déanta againn ní raibh orainn ach súp a bhaint as imeachtaí an Oireachtais. Gach saghas chomórtais a bhí ann, amhránaíocht – nua chuma agus sean nós; rince ar an sean nós, dreas cainte, agallaimh beirte, lúibíní.
Cairde
Cormac
Bhí seans againn bualadh le Michelle Duffy faoi deireadh. Beidh sí agus seanchara eile dúinn, Cormac Mac Fhionnlaoich, ag pósadh i gceann míosa. Sliocht sleachta ar shliocht bhur sleachta, a chairde.
Bhain Liam Mac Giodaire taitneamh mór as amhránaíocht ar an sean nós go hairithe nuair a fuair ár gcara, Caitlín Ní Chualáin, an chéad duais, sa chomórtas amhránaíocht ar an sean nós de mhná, Corn Phádraig Mhic an Rí. Bean ár seancharad, Greg Ó Braonáin, í Caitlín agus bhí an bheirt acu in Esopus ag Ceardlann na Múinteoirí cúpla bliain ó shin.
Caitlin
Siuan
Teacht le cheile iarmhúinteoirí Dhaltaí a bhí ann a cheapfá – Antain Mac Lochlainn, Siuán Ní Mhaonaigh, Ray Mac Mánais, Caitlín Ní Chualáin Bn. Uí Bhraonáin, Liam Ó Cuinneagáin, Éamonn Ó Dónaill, Aoife Ní Chonchúir agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh.
Ray
Soisear
Gach oíche ligeamar ár scíth ag Club na Féile. Bhuel i ndáiríre ní bhíonn scíth ar bith ar fáil ann ach craic agus rince síoraí. Seisiúin cheoil le Clann Uí Mhaonaigh – Mairéad, Gearóid, Anna & Ciarán agus ansin choimeád Páidí Ó Sé an dream ag rince lena chuid cheoil go breacadh an lae. Is trua nach raibh moltóirí na damhsaíochta ann fós – bhíomar chomh maith sin.
Hilary
Bhíomar inár naoimh athbheirthe an lá deireanach nuair a dífhreastalaíomar ar Aifreann an Oireachtais i Séipéal Pádraig Naofa Bhaile an Róistigh is chualamar ceol beannaithe Chóir Chúil Aodha faoi stiúir Peadar Ó Riada agus Iarla Ó Lionáird agus Seán Ó Sé páirteach. Go hálainn.
Cairde
Cuairt reatha a bhí ann agus rinneamar ar ndícheall gach píosa spraoi ag baint as. Díéiríomar.
Eibhlin