Programs

Loading Programs

« All Programs

  • This program has passed.

Deireadh Seachtaine Lán-Ghaeilge

April 5 - April 7

logo

Person to Contact:
Liam Guidry
1504 NW 3rd Avenue
Fort Lauderdale, FL 33311-5550
Email Daltaí na Gaeilge

A chara,

Reachtáil Daltaí na Gaeilge , eagraíocht a bhfuil dul chun cinn na Gaeilge i Meiriceá mar chúram aici, deireadh seachtaine le haghaidh daoine atá in ann Gaeilge a labhairt, 27 – 29 Márta, 1998. Tionóladh an Deireadh Seachtaine i Long Beach Island, New Jersey, áit atá timpeall céad míle ó dheas ó Chathair Nua-Eabhrac, ar chósta an Atlantaigh Mhóir.

Agus tháinig na sluaite. Ghlac os cionn trí fichid duine páirt in imeachtaí an deireadh seachtaine agus níor labhraíodh ach Gaeilge ar feadh an ama uilig, ó Aoine go Domhnach.

Meiriceánaigh ba mhó a bhí ann, ach bhí roinnt mhaith ann, freisin, a rugadh in Éirinn. Casadh bean orm as Contae an Chláir, bean eile as Baile Átha Cliath agus, ar ndóigh, bhí Ethel Brogan ann, arb as Contae Ard Mhacha ó cheart í, Sóisear Mac Cionnaith as Doire agus Barra Ó Donnabháin as Corcaigh. Bhí cainteoirí dúchais ann, freisin, ina measc an tAthair Stiofán Ó Donchú as Indreabhán agus Pádraig Mac a’Ghoill as Ard a’ Rátha.

Bhí ceardlanna, seimineáir agus díospóireachtaí ann. Ceann de na ceisteanna a pléadh ab ea “An bhfuil an tUachtarán Clinton ciontach?” Agus Walter Stock, fear atá ag múineadh na Gaeilge i Nua-Eabhrac le cúig bliana déag is fiche, thug sé an lucht éisteachta leis ar thuras draíochta go Tír na nÓg. Thug mé féin léacht ar “Béaloideas an Chreidimh in Éirinn agus in Albain Nua”.

Bhí Aifreann Gaeilge ann, freisin, a léigh an tAthair Ó Donchú, tráthnóna Dé Sathairn, agus thug sé seanmóir uaidh i nGaeilge bhreá ar an Soiscéal “An té atá saor ó pheaca, caitheadh sé an chéad chloch”.

Oíche Dé Sathairn, bhí dinnéar mór agus cóisir ann. Níl a fhios beo ná beirthí cén spraoi a bhí ann. Tháinig cuid de na daoine isteach agus iad gléasta go fiú na mbróg, mar ó Dhia, ar na mná, láimhíní fada ar chuid acu suas go dtína gcuid uillineacha agus cleití ina gcuid hataí!

Dheamhan a leithéid de spórt (nó a leithéid d’éadaí) a chonacthas ó tionóladh Aonach an Domhain i Siceagéo i 1893. Tar éis an tsuipéir, bhí neart amhránaíochta agus aithriseoireachta agus chuile rud ó thus go deireadh i nGaeilge bhinn bhlasta.

Mar a dúradh thuas, ní deireadh seachtaine le haghaidh tosaitheoirí a bhí sa tionól seo ach ceann le haghaidh daoine a bhí sásta gan ach Gaeilge a labhairt. Is iontach an obair atá déanta ag Daltaí na Gaeilge agus go mór mór ag Liam Guidry, Sóisear Mac Cionnaith agus Ethel Brogan. Comhghairdeas do Daltaí na Gaeilge agus go maire siad i bhfad!

Is mise,

Kenneth E. Nilsen
An Roinn Cheilteach
Oilthigh Naomh Fransaidh Xavier
Antigonis, Tír Mór
Albainn Úr
Ceanada

Tá an Fógra Oifigiúil agus an Fhoirm Chláraithe le fáil i SIOPA DHALTAÍ

Details

Start:
April 5
End:
April 7
Program Categories:
,

Venue

Long Beach Island, NJ
New Jersey United States

Organizer

Liam Guidry
Email
daltai1@daltai.com
View Organizer Website