A light heart lives a long time.

Note: Don’t worry. Be happy. You will live longer. The insight in this week’s proverb can be traced back to the Bible, specifically, Leabhar Shíorach (the Book of Sirach 30:14-25):

 

Sláinte agus Aoibhneas
(Health of Soul and Body)

14   Is fearr as an bochtán ina shláinte agus ina neart, ná an duine saibhir atá á chrá ag drochshláinte.
  (Better a poor man strong and robust, than a rich man with a wasted frame.)
15 Is fearr sláinte agus neart ná ór ar bith, agus colainn dhochaite ná maoin gan áireamh.
  (More precious than gold is health and well-being, contentment of spirit than coral.)
16 Is fearr sláinte choirp ná saibhreas ar bith, agus ní sháraíonn aon aoibhneas an croí suairc.
  (No treasure greater than a healthy body; no happiness, than a joyful heart!)
17 Is fearr an bás ná saol dona, agus suaimhneas síoraí ná breoiteacht bhuan.
  (Preferable is death to a bitter life, unending sleep to constant illness.)
18 Is cuma nithe maithe a chaitheamh le béal iata, nó ofrálacha bia a fhágáil ar uaigh.
  (Dainties set before one who cannot eat are like offerings placed before a tomb.)
19 Cén tairbhe d’íol ofráil torthaí? níl cumas ite ná bolaithe aige; is mar sin don té ar a luíonn an Tiarna.
  (What good is an offering to an idol that can neither taste or smell.)
20 Faigheann sé lán a shúl, agus bíonn ag cneadaíl dála an choillteáin a bhíonn ag cneadaíl agus é ag breith barróige ar mhaighdean.
  (So it is with the afflicted man who groans at the good things his eyes behold.)
21 Ná tabhair thú féin suas don bhrón agus ná bí do do chiapadh féin d’aonghnó.
  (Do not give in to sadness, torment not yourself with brooding;)
22 Maireann an duine ar aoibhneas croí, agus is fad saoil dó an t-áthas.
  (Gladness of heart is the very life of man, cheerfulness prolongs his days.)
23 Cuir lúcháir ar d’aigne agus tabhair sólás do do chroí; cuir an ruaig i bhfad uait ar an mbrón, mar is iomaí duine a scrios an brón, agus ní aon tairbhe é d’aon duine.
  (Distract yourself, renew your courage, drive resentment far away from you; For worry has brought death to many, nor is there aught to be gained from resentment.)
24 Ciorraíonn an t-éad agus an fhearg saol duine, agus déanann imní an tseanaois a bhrostú.
  (Envy and anger shorten one’s life, worry brings on premature old age.)
25 Fear croí éadroim agus fear croí mhóir, beidh [rian a choda] air.
  (One who is cheerful and gay while at table benefits from his food.)