i nGaeilge
Ethel Brogan
Chinn Ethel ar an bhfaill céanna a thabhairt dena cuid mhic léinn. Shocraigh sí an chéad Deireadh Seachtain na Gaeltachta faoi Mhárta 1981. Tháinig daltaí as rang Ethel agus as na ranganna áitiúla eile. D’fhreastal breis is tríocha duine ar an gclár, agus d’éirigh sé go hán-mhaith leo. Chonaic na mic léinn go raibh siad in ann úsáid a bhaint as an nGaeilge mar theanga bheo, agus spóirt ‘is spraoi a bheith acu ag an am céanna.
Tá a fhios ag an domhan an scéal ó shin amach. Níor stad Ethel ag obair ar son na cúise ón uair sin, ague lean sí ar aghaidh breis ‘is tríocha bliain. D’ullmhaigh sí Deireadh Seachtaine eile, agus ansin ceann eile, agus thar éis sin ceann eile fós. Chun cabhair a thabhairt di leis an misean seo, bunaíodh “Daltaí na Gaeilge” leis an t-aon chuspóir amháin – “Chun an Ghaeilge a mhúineadh agus í a chuir chun cinn”. Sa lá atá inniu ann, bíonn sceideal lán réite ag Daltaí na Gaeilge i gcaitheamh na bliana ar fad. D’fhill cuid dena mic léinn abhaile agus bhunaigh siad a gcláir fhéin a bhí bunaithe ar shampla Ethel. I láthair na huaire, tá a gcláir ar siúl ar fud Mheiriceá Thuaidh. Ní gá a rá go raibh Ethel an-bhródúil go deo astu uilig.
Bíonn cláir tairgthe ag Daltaí na Gaeilge i Stát Nua-Eabhrac, Nua-Gheirsí agus Coill Phenn. Agus bíonn ranganna le fáil iontu atá feiliúnach do chuile dhaoine, idir glan tosaitheoirí agus cainteoirí dúchasa.
Deireadh Ethel go minic go raibh an obair iomlán déanta aici mar ba ghrá léi í. In a barúil fhéin, níorbh obair ar chor ar bith é ach comhlíonadh nuair a bheadh duine ag streachailt ar son na cúise.
Bí linn agus leag a lorg iontach. Beidh fáilte Uí Cheallaigh romhat, cinnte!