36047

#40341
aonghus
Participant

Sílim gurbh é “Scaoil amach an bobailín” a dearfaí seachas aon tagairt don bhforchraiceann. Ach is dócha gur rud sách pearsanta caint craicneach agus shamhlóinn go bhfuil an nathanna féin ag gach dís.

Léigh mé alt faoi mhallachtaí díreach anois agus b’é an maíomh ann ná go bhfuil lucht an Bhéarla tugtha do thagairtí do bhod/phis/craiceann de bhrí gur comhluadar iad atá seachantach faoi chúrsaí collaí & cumhacht mionn sna focail dá réir.

Ní gá ag an nGaeilge le brilléis mar sin, ní bhíonn ribe i mbrille ag Gael faoi chúrsaí craiceann.