Athrú teanga i nGaeltacht Chonamara?

Fáilte (Welcome) Forums Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) Athrú teanga i nGaeltacht Chonamara?

Viewing 2 posts - 1 through 2 (of 2 total)
  • Author
    Posts
  • #36156
    Onuvanja
    Participant

    Ar léigh sibh an t-alt le Donncha Ó hÉallaithe san eagrán reatha den iris Beo? Bíonn tuairimí láidre aige i gcónaí agus ní bhíonn aon dhrogall air iad a nochtadh. Ach an uair seo, tá rud eicínt scríofa aige a bhain siar asam i ndáiríre. Maíonn sé go bhfuil Gaeltacht Chonamara, sin ceann de na háiteacha is láidre ó thaobh na teanga de, ar tí iompú ar an mBéarla ina hiomlán… nach labhraíonn na daoine atá faoi bhun ceathracha bliain Gaeilge, go bhfreastalaítear as Béarla ort sna hollmhargaidh srl.

    An bhfuil sé sin fíor agus an bhfuil a leithéide de rudaí tugtha faoi deara agaibhse freisin, bíodh sin i gConamara nó sna fíor-Ghaeltachta eile?

    PS. Ní thagaim leis a bhfuil ráite ag údar an ailt faoi na Gaeltachta cathracha ná leis an meafar a bhfuil úsáid bainte aige as, mar sin féin.

    http://www.beo.ie/alt-na-portain-ghaelacha-da-ramhru-fein-ar-phutogai-na.aspx

    #41224
    Jeaicín
    Participant

    Léigh, Onuvanja, tar éis duit é a lua.

    Scríobh mé an méid seo a leanas:

    Is ríléir nach mian leis “an Státchóras” aitheantas ar bith a thabhairt feasta d’áiteanna ina bhfuil líon mór daoine in ann Gaeilge a labhairt. Tá deontas na bpáistí ar scor rud a fhágann nach eol feasta cé atá ag labhairt na teanga. Tá an tÚdarás ciorraithe. Tá an Coimisinéir buailte. Seoltar mic léinn go hUibh Ráthach amhail is go gcloisfidis beirt ag labhairt Gaeilge ansin. Chloisfeadh. Ag sochraid. Nó in áras seandaoine.

    Nílim cinnte go bhfuil lucht na nGaelscoileanna mórán níos fearr. Tá cuid acu an-dhátheangach agus míniú i mBéarla á thabhairt ar an uile fhocal. Is beag suim a léiríonn formhór na dtuismitheoirí sa teanga. Dá dtabharfaí aitheantas Gaeltachta do cheantar cathrach cén duifear a dhéanfadh sé?

Viewing 2 posts - 1 through 2 (of 2 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.