Seo rud nár smaoinigh mé faoi ariamh, bhí mo dheirfiúr óg ag scríobh aiste don ollscoil ar na mallaibh bunaithe ar an dóigh a n-úsáidtear baill choirp sa ghaeilge sa ghnáthchaint…mar shampla ‘aghaidh a thabhairt ar rud éigin’ nó ‘i gceann tamaill’ s.r.l ní raibh sí ró-eolach ar an ábhar (nó ag iarraidh mórán eile a fhoghlaim leis an fhírinne a rá) ach spreag sé mé chun níos mó a fhiosrú… leabhar / saothar ar bith bunaithe ar seo atá ar eolas ag duine ar bith?