Fáilte (Welcome) › Forums › General Discussion (Irish and English) › Ceist faoin Tuiseal Ginideach agus faoi hUimhreacha
- This topic has 9 replies, 1 voice, and was last updated 9 years, 11 months ago by Héilics Órbhuí.
-
AuthorPosts
-
October 15, 2014 at 8:14 pm #36785BasicDeerParticipant
Úsáidtear ainmfhocal uatha tar éis uimhreach sa chuid mhaith cásaí.
m.s. [cite]dhá bhád : trí bhád : ceithre bhád[/cite]
Agus má bha chóir d’ainm bheith ina ainm ginideach sa chomhréir?
m.s. [cite]Tá mé ag tógáil trí [/cite]leabhar?/leabhair?[cite] liom.[/cite]
Ba mhaith liom a rá ba chóir do books an tuiseal ginideach a ghabháil, ach nílim cinnte i ndáiríre.
Go raibh maith agaibh!
p.s.: An bhfuil aon bhealach ann chun an ponc a chur ar litreacha sa Chló Ghaelach?
October 15, 2014 at 8:59 pm #45539LabhrásParticipantÚsáidtear ainmfhocal uatha tar éis uimhreach sa chuid mhaith cásaí.
m.s. dhá bhád : trí bhád : ceithre bhád
Agus má bha chóir d’ainm bheith ina ainm ginideach sa chomh réir?
Níoɼ Ä‹óiɼ, aÄ‹ i gcáÅ¿ na bunuiá¹É¼eaÄ‹ “aon”
Níor chóir, ach i gcás na huimhreach “aon”
m.s. Tá mé ag tógáil trí leabhar?/leabhair? liom.
Tá tú ag tógáil tɼí leaḃaɼ leat. – i gcáÅ¿ na huiá¹É¼eaÄ‹ uaṫa ⊠ſa ÄŠaiÄ¡deán Oifigiúil aɼ a laÄ¡ad.
Tá tú ag tógáil trí leabhar leat. – i gcás na huimhreach uatha agus sa Chaighdeán Oifigiúil ar a laghad.
p.s.: An bhfuil aon bhealach chun an ponc a chur ar litreacha sa Chló Ghaelach?
ClóÅ¿cɼíoḃaim AltGɼ ⊠an lánÅ¿tad . le Ä‹éile ⊠an litiɼ b (nó cdfgmpÅ¿t) ina ḋiaiḋ ⊠faiÄ¡im ḃ (nó ċḋḟġá¹á¹—ẛṫ). 🙂
AÄ‹ caiṫfiḋ méaɼċláɼ bɼeiÅ¿iṫe a ḃeiṫ agat, aɼ ndóiÄ¡.
Bainim úÅ¿áid aÅ¿ an méaɼċláɼ “Extremtastatur”, maɼ ẛampla, aÄ‹ tá ɼoinnt eile ann fɼeiÅ¿in.Clóscríobhaim AltGr agus an lánstad . le chéile agus an litir b (nó cdfgmpÅ¿st) ina dhiaidh agus faighim ḃ (nó ċḋḟġá¹á¹—ẛṡṫ).
Ach caithfidh méarchlár breisithe a bheith agat, ar ndóigh. *)
Bainim úsáid as an méarchlár “Extremtastatur”, mar shampla, ach tá roinnt eile ann freisin.*) … and a Cló Gaelach font.
October 15, 2014 at 11:51 pm #45540LughaidhParticipantTá fadhb leis a’ chló Ghaelach a tchím anseo, tá na s-annaí cosúil leis na s-annaí ins na seanleabharthaí Fraincise, agus tá na r-annaí cosúil le s-annaí an Chló Ghaelaigh. Níl r an Chló Ghaelaigh mar sin!
Cibith, faighigí an doiciméad “Uimhreacha” a rinn Michal Boleslav Mechura, tá achan eolas fá na huimhreacha le fáil ann — bhail an t-eolas de réir an ChO cibith (ach níl mé cinnte go bhfuil mórán duifreach, ins a’ chás sin, eadar an CO agus na canúintí)
October 17, 2014 at 7:55 am #45544LabhrásParticipantTá fadhb leis a’ chló Ghaelach a tchím anseo, tá na s-annaí cosúil leis na s-annaí ins na seanleabharthaí Fraincise, agus tá na r-annaí cosúil le s-annaí an Chló Ghaelaigh. Níl r an Chló Ghaelaigh mar sin!
Tá, ar an drochuair.
Tá cuma an-ait air gan aon chlófhoireann Gaelach suiteáilte: Tá litreacha simplí amháin sa Chló Gaelach, ach nach bfhuil na consain le ponc séimhithe nó an s fada agus r fada, gan trácht ar an Et Tironiana …Ach leis na clófhoirne Gaelacha (Bunchló, cuir i gcás) tá siad uile go breá.
October 17, 2014 at 4:02 pm #45545Héilics ÓrbhuíParticipantMaidir leis an doiciméad tuasluaite Mhechura, tá sé réasúnta maith ach tá botúin ann chomh maith. Mholfhainn gan brath air go hiomlán. Creidim go bhfuil an Caighdeán Oifigiúil Athbhreithnithe de chuid Thithe an Oireachtais beagán níos fearr agus níos cruinne.
October 17, 2014 at 4:27 pm #45546LughaidhParticipantMaidir leis an doiciméad tuasluaite Mhechura, tá sé réasúnta maith ach tá botúin ann chomh maith.
cá háit a bhfuil na meancógaí sin? ba cheart é a ráidht le Michal féin agus cheartóchadh sé iad…
Mholfhainn gan brath air go hiomlán. Creidim go bhfuil an Caighdeán Oifigiúil Athbhreithnithe de chuid Thithe an Oireachtais beagán níos fearr agus níos cruinne.
bhfuil seo gomh cuimsitheach le doiciméad Mhichal? chan fhacaidh mise doiciméad gomh cuimsitheach leis go dtí seo, fiú Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí agus New Irish Grammar srl…
October 17, 2014 at 5:02 pm #45547LabhrásParticipantba cheart é a ráidht le Michal féin agus cheartóchadh sé iad….
Ba cheart go cinnte.
Níorbh ionadh orm más amhlaidh nach bhfaigheann Michal ach beagáinín aiseolais ó na húsáideoirí
agus mar sin maireann na meancóga …October 17, 2014 at 5:03 pm #45548LughaidhParticipantScríobh chuige 🙂
October 17, 2014 at 5:46 pm #45549Héilics ÓrbhuíParticipantbhfuil seo gomh cuimsitheach le doiciméad Mhichal?
Tá. [url]http://www.oireachtas.ie/parliament/media/michelle/Final-Version.pdf[/url]
fiú Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí agus New Irish Grammar srl…
Tá an ceart agat. B’ionadh liom nach bhfuil Graiméar na mBráithre sách cuimsithe maidir leis na huimhreacha.
Níl ach cúpla meancóg sa doiciméad Mhechura, ach d’ábhar a bhfuil an oiread sin cruinnis ag teastáil uaidh, tá sé fíorthábhachtach iad a sheachtaint. Féach ar mo thread eile darb ainm “Uimhreacha”. Tá cúpla meancóg eile nár luaigh mé sa thread seo chomh maith.
Ní hé sin le rá nach dtréaslaim leis an Mechurach a chuid saothair. Tá an doiciméad úsáideach go deo in ainneoin a mheancóg corr.
October 18, 2014 at 3:45 pm #45552Héilics ÓrbhuíParticipantAr aon chuma, seo libh cúpla des na meangóga a fuair mé sa gcáipéis, ionas nach mbeadh sibh ag smaoineamh gur ag caint san aer atáim 😉
pg 6 – fiche a dó míle vs. pg 16 – fiche a dóÂ mhíle
pg 34 – an daichead a dó mhílepg 16 – míle, cúig chéad is fiche a hocht bosca vs. pg 23 – míle, cúig chéad is fiche a hocht mbosca
pg 26 – dath an aon fhuinneog dhéag vs. dath an aon fhuinneog déag bhána
pg 23 – cúig chéad a haon capall mhóra vs. pg 27 – luach an chéad a haon bhád mhóra
Creidim go bhfuil cúpla ceann eile chomh maith ach ní raibh fonn orm an rud uilig a léamh an athuair.
-
AuthorPosts
- You must be logged in to reply to this topic.