Comparáid

Viewing 4 posts - 1 through 4 (of 4 total)
  • Author
    Posts
  • #36252

    Bhí Fionlannach, Sualannach, Sasanach agus Éireannach ag déanamh comparáid idir a dteangaí agus thosaigh siad áiteamh ar cén teanga atá is áille.

    Thug an Fionlannach abairt fhileata le tiontú:
    “Saari, saari, Heinäsaari, Heinäsaaren morsian.”

    Rinne an Sasanach a aistriúchán:
    “Island, island, Grassy Island, Grassy Island’s Bride.”

    Thiontaigh an tÉireannach an abairt mar seo:
    “Oileán, oileán, Oileán Féarach, Brídeach na Oileáin Fhéaraigh.”

    Thug an Sualannach a fhuascailt:
    “Ö, ö, Hö-ö, Hö-ös mö.”

    EDIT: Maybe it is a wee bit better now.
    EDIT: t-prefix corrected as suggested

    #41824
    Onuvanja
    Participant

    Togha fir, a Fhionlannaigh! 🙂 Níl sé éasca scéalta grinn a aistriú, ach tá sé déanta go maith agat. Agus ní miste liom a rá go mbainim an-taithneamh as an ngreann fionlannach. Is cuimhne liom mé a bheith ag breathnú ar Uuno Turhapuro agus ar charactair ghrinn eile ar theilifís na Fionlainne agus mise ag fás aníos.

    B’fhéidir go bhfuil dul amú orm, ach ní úsáidfinn “atá” le “is áille”, mar gheall air gur copail atá ann (Is í Síle an cailín is áille – Síle is the most beautiful girl). Agus is dócha gur “an tÉireannach” agus “an Sasanach/Sualannach” a bhí uait. Beir bua!

    #41832

    GRMA a chara, d’athraigh mé na t-réimíreanna mar a chomharthaigh tú.
    An bhfuil “Brídeach na hOileáin Fhéarach” (le h-réimír) níos fearr ná mo leagan?

    An bhfuil a fhios agat faoi Pulttibois, Manitboys, Neurovisio… nó Kummeli? Bhí siad ar theilifís na Fionlainne idir 15 agus 25 bhliain ó shin.

    #41844
    Onuvanja
    Participant

    An bhfuil “Brídeach na hOileáin Fhéarach” (le h-réimír) níos fearr ná mo leagan?

    Níl caill ar bith air mar leagan, ach tugaim faoi deara anois go bhfuil an tuiseal ginideach ag teastáil uait sa bhfocal “féarach”.
    “Brídeach an oileáin fhéaraigh” ba cheart a bheith ann, ceapaim.

    Maidir leis na cláracha teilifíse eile a luaigh tú, ní dóigh liom go bhfaca mé iad, ar a laghad, níl go rialta. Ach as a bhfuil feicthe agam sa Vicipéid, tá caithfidh siad a bheith ar fheabhas.

Viewing 4 posts - 1 through 4 (of 4 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.