Deireadh Seachtaine
Lán-Ghaeilge
27 – 29 Márta 2015
Tá an geimhreadh beagnach thart (creid nó ná creid!) agus le teacht an earraigh beidh muid ag filleadh go Long Beach Island. Tá nós againn le blianta fada anuas bailiú le chéile san earrach chun Deireadh Seachtaine lán-Ghaeilge a cheiliúradh. Is breá linn gach clár tomoideachas, ar ndóigh. Ach baineann muid an-áthas go deo as an seans a bheith lenár gcairde agus ag caint ‘is ag cloisteáil Gaeilge amháin ar feadh deireadh seachtaine iomlán!
Beidh muid ag fanacht in óstlanna áitiúala san oíche, agus i rith an lae beidh muid ag baint úsáid as an Long Beach Island Foundation of the Arts & Sciences. Is deis álainn í, agus beidh muid abálta ár mbricfeasta a ithe ansin ar an dá mhaidin agus lón Dé Sathairn chomh maith. Buíochas le sin, beidh muid in ann an Satharn ar fad a chaitheamh in aon áit amháin gan bheith ag rith anonn is anall.
Mar is gnách, beidh ‘ranganna’ ar dhá leibhéal (Fáinne Óir agus Fáinne Airgid), léachtaí agus ceardlanna ann. Ach an rud is tábhachtaí a bheas ar siúl ná an seans a bheith ag déanamh spóirt ‘is spraoi trí Ghaeilge amháin ó mhaidin go hoíche. Le haghaidh na hócáide seo beidh Seomra Fáilte againn ag ceann de na hóstlanna; agus beidh dinnéar galánta agus seisiún againn ag bialann áitiúil oíche Dé Sathairn.
Tá súil againn go mbeidh tú rannpháirteach inár gcuid eachtraíochta.
Tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh agus Foirm Chláraithe ar fáil tríd an nasc seo: http://www.daltai.com/shop/
B’aoibhinn linn do chomhluadar!