Éist is cur ceartúcháin, más mian leat

Fáilte (Welcome) Forums General Discussion (Irish and English) Éist is cur ceartúcháin, más mian leat

Viewing 5 posts - 1 through 5 (of 5 total)
  • Author
    Posts
  • #36507
    Héilics Órbhuí
    Participant

    Bím ag saothar le athscríobhinní ar an mallaibh. Is dúshlán maith dom é. Tá iarratas á dhéanamh ag an Youtuber a chuir suas an físeán seo ar an dtéacs le haghaidh fotheideal. Mar sin, rinne mé an t-athscríobh ach ba mhaith liom ceart a bheith agam sula dtabhairfidh mé iad dó.

    [url]https://www.youtube.com/watch?v=332LF7u0gds[/url]

    Ní raibh áit ar domhan arbh fhearr do luchóga a bheith ná teach báicéara Ruby Rua. Is ann a rinne Ruby a draíocht gach maidin lena spunóg adhmaid is lena babhla beag. B’aoibhinn leis na luchóga cead a bheith acu cabhrú léi, ach níor theastaigh aon chabhair ó Ruby riamh. Déanfaidh mé féin í, asam féin, ar sí. Go raibh míle maith agaibh ach níl aon chúnamh uaim. Mar sin, ní raibh le déanamh ag na luchóga ach a bheith breathnú ar Ruby ag bácáil gach aon lá. Bhácáil sí piógaí is peancóga, maranganna is macarúin is milseoga blasta de gach aon saghas. Ach an rud ab iontaí a bhácáil Ruby Rua ná cácaí lá breithe. Bhí na cácaí lá breithe chomh hiontach sin, ní dhearna sí ach aon cheann amháin sa lá. Gach ceann acu chomh blasta le póigíní síóg agus clúdaithe le reoán ildaite. Tháinig custaiméirí ó gach áit le cácaí Ruby Rua a bhlaiseadh. Tháinig siad anuas óna sléibhte, aníos óna gleannta, amach óna coillte, is isteach ón bhfarraige. Agus lá amháín, anuas ón gcaisleán, tháinig an Rí féin chuici. A Ruby Rua, ar sé, teastaíonn cácaí uaim do mo lá breithe amárach. Bhí Ruby ar bís! Bhí na luchóga ar bís. Cáca do rí! Ó bhó go deo! Nár mhór an onór í. Thosaigh Ruby ag bácáil láithreach bonn le babhla is spunóg, plúr is im, uibheacha circe is siúcra bán. B’aoibhinn leis na luchóga cead a bheith acu cabhrú léi, ach níor theastaigh aon chabhair ó Ruby faraor. Déanfaidh mé féin é, asam féin, ar sí. Go raibh míle maith agaibh ach níl aon chúnamh uaim. Mar sin, ní raibh le déanamh ag na luchóga ach a bheith breathnú ar Ruby ag bácáil. Síos is aníos léi, anonn is anall, ó chistin go cuntar, go cistin aríst, suas ar na seilfeanna, ó bhun go barr. Ní raibh blaisín den ríocht nár chuir Ruby sa bhabhla. Ní fhaca na luchóga a leithéid riamh. Ag obair gan sos, gan dinnéir, gan té. Lean Ruby uirthi ag bácáil don Rí. Chroith sí agus bhris sí. Mheasc sí is bhuail sí. Dhoirt sí is bhlais sí, is mhaisigh sí an cáca ar fad aisti féin. Faoi dheiridh bhí cáca an Rí réídh. Bhí Ruby marbh tuirseach. Imigí libh isteach a chodladh anois, ar sí leis na luchóga. Beidh teachtaire an Rí anseo go luath ar maidin leis an gcáca a bhailiú. Is na luchóga deireanach imithe chuaigh Ruby suas a luí. Ach boladh an cháca chomh láidir, chomh blasta, bhí an reoán ildaite chomh geal is chomh hálainn. Siúd amach leis na luchóga, ceann ar cheann, chun go bhfeicidís an cáca uair amháin eile. Ar mullach a chéile leo, ar a dhroim is ar ghualainn, ag luascadh anonn is ag luascadh anall. Ansin, crash! Léim Ruby ina dúiseacht de phreab as a leaba. Anuas an staighre léi go tapa go bhfeicfeadh sí… an cáca! Thosaigh Ruby ag caoineadh. Thosaigh na luchóga ag caoineadh. Cáca an Rí, ó bhó go deo! Nár mhór an tubaiste í. Bhí sé briste brúite ina smidiríní, is gan am ag Ruby bhocht ceann eile a bhácáil roimh mhaidin. Ní aisti féin ar aon chaoi. B’aoibhinn leis na luchóga cabhrú léi, ach níor theastaigh aon chabhair ó Ruby riamh, go dtí anois. Don chéad uair riamh, thug Ruby cean dona luchóga cabhrú léi. Síos is aníos leo, anonn is anall, ó chistin go cuntar, go cistin aríst, suas ar na seilfeanna, ó bhun go barr. Ní raibh blaisín den ríocht nár chaith siad isteach sa bhabhla. Faoi dheiridh, bhí sé réidh. Anois, arsa Ruby, sin agaibh cáca a oireann do Rí! Is é réitithe díreach in am dona lá breithe inniú. Cáca níos iontaí ní bhácáil mé riamh, arsa Ruby go ríméadach le teachtaire an Rí. Cáca chomh blasta, chomh daite, chomh mór! arsa an teachtaire. Tá sé ró-mhór le dul amach ón doras. Ó bhó, th’éis na hoibre go léir. Ansin, chuimhnigh Ruby ar phlean. Thug Ruby cuireadh don Rí, dá chlann, is dá chairde, an chóisir a bheith acu sa teach báicéara. Ar Ruby Rua, seo cáca lá breithe is deise a bhlais mé riamh, arsa an Rí. Go raibh míle maith agat, ar sí, ach murach na luchóga ní bheadh sé leath chomh bhlasta. Ón la sin amach, bhíodh na luchóga ag cabhrú go minic sa teach báicéara, agus b’aoibhinn leo a bheith ag obair lena gcara Ruby Rua.

    #43649
    Doimnic
    Participant

    Maith thú féin, tá jab iontach deanta agat!
    D’éist mé leis an téacs agus sílim go gcluinim sé seo:

    L1: …leis na luchóga…
    L3: …Déanfaidh mé féin é
    L8: …le cácaí lá breithe Ruby…
    L10: …cáca don Rí…
    L19: …an luchóg dheireanach
    L19: …Ach bhí boladh…
    L21: …i mullach a chéile…
    L22: …ar luascadhar luascadh
    L26: …thug Ruby cead… (typo 😉 )
    L29: … lá breithe…
    L29: …iontaí níor bhácáil…
    L30: …amach an doras…
    L32: …a Ruby Rua, seo an cáca… (sic)
    L32: …is deise dár bhlais mé riamh… ?
    L33: …míle maith agat, a Rí ar sí…

    Go n-éirí leat lena fotheidil!

    #43658
    Héilics Órbhuí
    Participant

    L1: …leis na luchóga…
    L3: …Déanfaidh mé féin é…
    L10: …cáca don Rí…
    L19: …an luchóg dheireanach
    L19: …Ach bhí boladh…
    L21: …i mullach a chéile…
    L22: …ar luascadhar luascadh
    L26: …thug Ruby cead… (typo 😉 )
    L29: … lá breithe…
    L29: …iontaí níor bhácáil…
    L30: …amach an doras…
    L32: …a Ruby Rua, seo an cáca… (sic)
    L33: …míle maith agat, a Rí ar sí…

    Ceart agat go léir. Many were typos but some bad listening as well 😉

    L32: …is deise dár bhlais mé riamh… ?

    Nílim fós cinnte faion líne seo..

    L8: …le cácaí lá breithe Ruby…

    I’m pretty sure I am right and it’s “ná” and not “le” but I could be wrong.

    Buíochas leat as na ceartúcháin uilig.

    #43662
    Doimnic
    Participant

    Nílim fós cinnte faion líne seo..

    L8: …le cácaí lá breithe Ruby…

    I’m pretty sure I am right and it’s “ná” and not “le” but I could be wrong.

    Ó tá an ceart agat cinnte, ach an líne seo a bhí i gceist agam:

    L8: …áit le cácaí lá breithe Ruby Rua a bhlaiseadh. Tháinig siad anuas óna sléibhte, aníos óna gleannta, amach óna coillte, is isteach…

    😉

    #43666
    Héilics Órbhuí
    Participant

    Ohh, tuigim anois. Gabh mo leithscéal… Shílfeá go bhfuilim buille beag bunoscíonn 😛

Viewing 5 posts - 1 through 5 (of 5 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.