Iarratas ar chluas mhaith

Viewing 15 posts - 1 through 15 (of 21 total)
  • Author
    Posts
  • #36506
    Héilics Órbhuí
    Participant

    An féidir le héinne anseo na bearnaí a líonadh amach? [url]https://www.youtube.com/watch?v=C_qVHuqpdOYY[/url]

    Tá an fómhar ann, agus bhí an ghaoth ag séideadh tríd an gcoill. Istigh ina phluais, suíonn Béar leis féin uilig. Féachann sé amach go brónach. Tá a corp nimhneach agus tá a srón stoptha. Casann sé agus corraíonn sé, é cornaithe ina chnap ar an urlár. Tá Béar ___(0:42) traochta ach ní féidir leis dul a codladh. Ligeann sé sraoth mór as agus tosnaíonn sé ag snagaireacht. Tá Béar bocht tinn. Bailíónn a chairde thart timpeall air. Tar amach ag súgradh linn, a Bhéar! Cromann Béar a chloigeann. Táim ro-thinn inniú, ar seisean. Ó bó bó bó, arsa leo go ciúin. Tá éadán Bhéar ró-the. Cá raibh ___(1:20) leis, arsa Giorria. Seo spota deas te agus teolaí. Tosnaíonn Béar ag cogarnaíl agus ag caint os íseal, é ag casaoid agus ag casacht ag an am céanna. Ó, tá tinneas ar Bhéar. Tugann Luchóg barróg dó. Déanann sé cogar ina chluas. Beidh gach rud ceart go leor. Tá do chuid cairde go léir __ (1:54) timpeall ort. Bailíonn Broc uisce agus déanann Sionnach anraith. Tugann caochán subh leis do Bhéar le héadach fuar fliuch. Cuireann siad pluid ollmhór thart an Bhéar agus ólann sé anraith as cupán. Ach tá Béar bocht tinn go fóill. Ligeann Fiach Dubh scréach as. Tagaigí liomsa, a Ulchabháin agus a Dhreoilín. Lig dúinn luibheanna a bhailiú agus tabhairfimid ar ais chuig an bpluais iad! Iarrann siad ar Bhéar bolgam beag té luibhe a ól. Beidh biseach ort go luath, arsa Luchóg. Fan go bhfeicfidh tú! Critheann Béar faoin bpluid agus ligeann sé casacht as féin. Tá sé tinn go fóill. Ritheann na cairde thart timpeall ag freastal ar Bhéar. Déanann siad cócaireacht agus iad ag iarraidh aire mhaith a thabhairt dó. Coinníonn siad súil ghéar ar Bhéar bocht. Labhraíonn siad lena chéile os iseal. Siúlann siad timpeall ar bharraicíní agus canann siad suantraithe binne. Ar deireadh thiar, titeann Béar ina __ (3:28) codlata. Coinníonn na cairde súil ar Bhéar ar feadh uaireanta fada. Rinneamar ár seacht ndícheall, a deir siad go léir. Ansin, dúisíonn Béar. Tá biseach air! Tá biseach air, a scairt Béar. Braithim thar cionn ar fad. Nílim ró-the agus níl mo chorp nimhneach níos mó! Go raibh míle míle maith agaibh, a chairde. Rachaimid amach ag súgradh anois! Biedh an-spraoi againn! Léimimid na duilleoga agus rithimid thart go beo. Ansin tosnaíonn Luchóg ag snagarnach agus ligeann Giorria sraoth aisti. Ó bó bó bó, tá tinneas ar na cairde! Ná bígí buartha, arsa Béar go réidh. Cuireann sé a luí iad agus tarraingíonn sé pluideanna deasa teolaí thart orthu ag tabhairt póg an duine dóibh. Beidh biseach oraibh go luath, ar seisean lena chairde. Thug sibhse aire mhaith domsa agus anois tabhairfidh mise aire díbhse.

    #43596
    Seán
    Participant

    Nasc ceart: https://www.youtube.com/watch?v=C_qVHuqpdOY

    0:42 tuirseach

    1:20 Cabhróidh muidne leis

    1:54 mórthimpeall

    3:28 shrann

    Nílim 100% cinnte ar na focail seo. Ba cheart do dhuine eile iad a dheimhniú.

    #43597
    Héilics Órbhuí
    Participant

    Tá an ceart agat, céad faoin gcéad, sílim. GRMA.

    Le cuid is mó díobh, b’iad siúd mo thomhais chomh maith, ach bhí mé ag iarraidh cínntiú. Ach “tuirseach”, níor smaoin mé ar sin..

    #43598
    Seán
    Participant

    Tá fáilte romhat. Cad is brí le cornaithe?

    #43599
    Héilics Órbhuí
    Participant

    “Coiled, rolled up”, is dóigh liom. B’fhéidir “corntha”, ach sílim gur foghrú trí-shíollach a bhí ann.

    #43600
    Seán
    Participant

    An bhfuil tú in ann camhrú leis na focail seo?

    [url=http://www.daltai.com/forums/viewthread/498/]http://www.daltai.com/forums/viewthread/498/[/url]

    #43601
    Héilics Órbhuí
    Participant

    Thug mé spléach air ach bhí an nasc marbh, faraor.

    #43602
    Seán
    Participant

    Tá an ceart agat.. grma ar aon chor.

    #43605
    Héilics Órbhuí
    Participant

    An cuimhin leat teideal agus eagrán an seó? B’fhéidir go bhfuil sé fós ar líne..

    #43616
    Seán
    Participant

    Sin ‘Olly an Veain Bheag Bhán’. Sílim nach bhfuil an clár sin ar youtube. Fanfaidh mé go mbeidh sé ar ais ar tg4.ie.

    #43622
    Seán
    Participant

    Rinne mé tús ar ‘Neilín agus an Cat’

    https://www.youtube.com/watch?v=vJhbNrB7qUY

    B’fhéidir go n-oibróimid le chéile air.

    #43625
    Héilics Órbhuí
    Participant

    Cinnte! Déanfaidh mé iarracht air théis mé ag teacht abhaile ón obair.

    #43632
    Héilics Órbhuí
    Participant

    Bhí mamaí agus dadaí eilifint sona sásta. Bhí bábaí nua acu. Neilín b’ainm de, agus bhí sí go hálainn. “Tá sí chomh greannmhar”, a deir dadaí eilifint. “Tá sí chomh cliste”, a deir mamaí. Is breá liom an lá a ___ í. Ach tháinig an lá go raibh mamaí agus dadaí eilifint imeacht ar ais ag obair aríst.
    “Cé a chuirfeadh aire do Neilín i gcaitheamh an lae?” a deir mamaí. “Tá sí róbheag le teacht isteach sa gcoill”, a deir dadaí. Bhí cat mór buí ag éisteacht le mamaí agus dadaí eilifint ag caint. “Tabharfaidh mise aire di”, a deir an cat, “má thugann sibhse babhla bia dom gach lá. Coinnigh mé Neilín slán sábháilte.” “An-phlean”, a deir dadai eilifint. “Meas tú?”, a deir mamaí. “Ná bí buartha”, a deir dadaí. “Béidh sí go breá leis an gcat deas sin”. “Níl a fhios agam faoi sin”, a deir mamaí, ach d’imigh sí léi agus í beagán buartha. “Béidh an-spraoi again, a Neilín”, a deir an cat. “Fan go bhfeicfidh tú!” Bhí Neilín an-sásta. Thaitin a cat go mór léi. Bhí go leor cleasanna iontacha ag an gcat. Bhí sé in ann dreapadh suas na crainnte. Bhí sé in ann faitíos a chuir ina héanacha, agus bhí sé in ann í féin a líochan lena teanga. Bhí an-spraoi ag Neilín agus í féin le chéile. Nuair a tháinig mamaí agus dadaí eilifint ar ais ón obair bhí Neilín sona sásta. “Nár dhúirt mé leat?” a deir dadaí. “Tá sí an-sásta leis an gcat deas.” “Meas tú?” a deir mamaí. An ___ (Sathairn ?) in a dhiaidh sin, bhí cuireadh ag Neilín chuig breithlá col ceathair, an Aoise (?). Theastódh Neilín cuid de na cleasanna nua a theaspáint dona heilifintí eile. Thosaigh sí a ní í féin lena teanga. Bhí ionadh ar na heilifintí móra eile. “Tá sí á ní í féin mara a bheadh cat ann!” a deir aintín Eibhlín. Bhí cleas eile ag Neilín. Suas léi ar a chrann in aice láimhe. “Mama eilifint, í sin ___ cat,” a deir uncal Éamon. “Cur stop léi nó béidh na heilifintí beaga ar fad ag iarradh an crann céanna a dreapadh. Bhí mamaí Neilín náirithe. “Gabhail ___ as sin ar a bpointe ___”, a deir sí le Neilín. “Tá tusa ag teacht abhaile liomsa anois díreach!” An tráthnóna sin, labhair mamaí agus dadaí eilifint. “Bhí a fhios agam nach mbeadh sé ceart go leor í a fhágáil leis an gcat sin,” a deir mamaí. “Tá mé náirithe.” “B’fhéidir go bhfuil an ceart agat,” a deir dadaí. “Táimid ag fáil réidh leis an gcat ar a bpointe,” a deir mamaí, agus sin a ___ faoi. Ar maidin, dúirt dadaí leis an gcat nach raibh cead aice aire a thabhairt do Neilín níos mó. “Ach cé a thabharfas aire domsa?” a deir Neilín. “Mise,” a deir mamaí. “Fanfaidh mise sa mbaile inniú.” Síos chuig an abhainn le Neilín agus mamaí. “Isteach leat anois, a stóirín” a deir mamaí. “Tá tú lofa salach.” “Níl mé ag dul isteach san uisce. Ní maith liom uisce.” Bhí mamaí trína chéile. “Siúl go ___,” a deir sí le Neilín. “Ná bí ___ ___. Is eilifint thú. Isteach leat sa linn leis na heilifintí eile!” Ag am dinnéir, theaspáin mamaí do Neilín an bealach ceart an eiliftint le béilí a ithe. “Bris píosa anuas den chrann ar do thrunc,” a deir sí, “ansin, isteach i do bhéal leis.” “Tá sé go hálainn blasta.” Ach níor chuir i Neilín suim ar bith ann. Bhí uaigneas uirthi. “Tá mé ag iarraidh spraoi leis an gcat,” a deir sí. “Bhí an-spórt againn le chéile.” Bhí mamaí buartha faoina babaí beag. “Béidh sí go breá”, arsa dadaí, nuair a tháinig sé abhaile ón obair. “Is gearr gur ndéanfaidh sí dearmad ar a gcat sin. Fan go bhfeicfidh tú!” An oíche sin, bhí mamaí agus dadaí agus Neilín ina gcodladh nuair a thosaigh gleo aisteach. “Eek eek eek”, a chuala siad. Dhúisigh mamaí. Dhúisigh dadaí. Dhúisigh Neilín. “Luch atá ann!” a deir dadaí. Bhí faitíos ar dadaí. Bhí faitíos ar mhamaí. “Luch!” a bhéic siad le chéile. Ach ní raibh faitíos ar bith ar Neilín. Síos ar an __ (urlár léi?) . “Bí curamach!” a bhéic dadaí. Amach lena trunc Neilín. “Bí curamach!”, a deir mamaí. Rug Neilín an luch lena trunc , phioc Neilín suas an luch agus amach sa teach léi. “Imigh leat anois, a luichín”, a deir sí, agus scaoil sí saor an luch. “Is é an cat a mhúin an cleas sin dom,” a deir Neilín. “An bhfuil cead aice teacht ar ais chun aire a thabhairt dom? Bhí an-spraoi againn lena chéile.” An lá dár gcionn, tháinig an cat ar ais. Agus ón lá sin amach, bhí sí féin agus Neilín le chéile i gcónaí. Agus bhí an-spraoi acu lena chéile.

    #43696
    Seán
    Participant

    0:26 Is breá liom an lá a chaitheamh léi.

    0:56 Coinneoidh?

    1:39 níochán?

    2:01 aontaím leat: Satharn

    2:05 Cloisim ‘Naoise’

    2:14 Fuair mise: ‘Thosaigh sí á ní féin…’

    2:37 ‘An eilifint í sin nó cat?’

    2:43 Shíl mé ‘crann féin a dreapadh’, ach nílim cinnte

    2:50 bpointe boise

    3:13 Caithfimid fáil réidh

    3:47 “Siúl go mall!” a deir sí le Neilín. “Ná bí ag rith agus ag léim!”

    5:07 sea

    5:19 Shíl mé: amach as an teach

    5:36 Shíl mé: Bíonn

    Caithfidh mé rá arís gur thuig tusa focail nár thuig mise.

    #43701
    Héilics Órbhuí
    Participant

    2:14 Fuair mise: ‘Thosaigh sí á ní féin…’

    Ceart agat go bhfuil “á” in áit “a”, ach tá “í” ann chomh maith idir “ní” agus “féin”, sílim (agus bheadh sé sin ceart de réir na gramadaí).

    Thuig mé an líne seo ar deireadh thiar agus mé ag éisteacht leis uair amháin eile.. “”Gabhail ___ as sin ar a bpointe boise” = “Go luath as sin ar an bpointe boise”

    Níl fágtha ach an líne seo

    Caithfimid fáil réidh leis an gcat ar a bpointe,” a deir mamaí, agus sin a ___ faoi.

    “a fhuair faoi?”

    Tá do cheartucháin agus focail eile ceart go léir! Maith an fhoireann atá ionann! 😉

Viewing 15 posts - 1 through 15 (of 21 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.