Máire Geoghegan-Quinn

Viewing 9 posts - 1 through 9 (of 9 total)
  • Author
    Posts
  • #36658
    Onuvanja
    Participant

    Más fíor don vicipéid, “Gegan” nó /ˈɡɛɡɪn/ a fhuamnítear an chéad pháirt den tsloinne sin. Ach ní shin é an rud a chloisim ar Raidió na Gaeltachta ná ar Forvo (ó Bhríd Mhór, ceapaim), seachas “Gehegan”. An bhfuil a fhios ag éinne an bhfuil an dá leagan ceart nó ceann acu contráilte?

    #44861
    Héilics Órbhuí
    Participant

    Labhraíonn Bríd le blas connachtach, go bhfios dom. Is foghraíocht na mumhan a leagann an béim ar an síoll deireannach, muna bhfuil dul amú orm. Ach seans nach bhfuil an vicipéid ceart, chomh maith. Ní eol dom an focal atá i gceist.

    #44862
    Labhrás
    Participant

    Déarfainn: Máire Nic Eochagáin Uí Chuinn 😉

    #44863

    Ní hí an bhéim a bhí ag cur as dhom go baileach, seachas líon na siollaí. Deir an vicipéid gur dhá shiolla atá ann (“GE-gan”), ach trí cheann a chloisim féin (“GE-he-gan”). Maidir leis an gcanúint, níl a fhios ‘am an mbaineann sí leis an scéal, ach is as Carna i gConamara Máire Geoghegan-Quinn.

    #44864
    Onuvanja
    Participant

    Déarfainn: Máire Nic Eochagáin Uí Cuinn 😉

    An bhfuil tú siúráilte, a Labhráis? 🙂 Is iomaí bunleagan atá luaite leis an sloinne sin…

    #44865
    Labhrás
    Participant

    Déarfainn: Máire Nic Eochagáin Uí Chuinn 😉

    An bhfuil tú siúráilte, a Labhráis? 🙂 Is iomaí bunleagan atá luaite leis an sloinne sin…

    Scríobhadh an t-ainm mar sin anseo (mar shampla):
    http://www.irishstatutebook.ie/1979/en/si/0425.html

    #44866
    Héilics Órbhuí
    Participant

    Oops, tuigim anois. Léigh mé do theachtaireacht ró-thapa agus mé ag obair ag an am céanna 😛 Gabh mo leithscéal as mo fhreagra díchéillí. 😉

    #44873
    Onuvanja
    Participant

    Déarfainn: Máire Nic Eochagáin Uí Chuinn 😉

    An bhfuil tú siúráilte, a Labhráis? 🙂 Is iomaí bunleagan atá luaite leis an sloinne sin…

    Scríobhadh an t-ainm mar sin anseo (mar shampla):
    http://www.irishstatutebook.ie/1979/en/si/0425.html

    Wow, ceart go leor. Go raibh maith agat as an eolas sin!

    #45113
    Bríd Mhór
    Participant

    Más fíor don vicipéid, “Gegan” nó /ˈɡɛɡɪn/ a fhuamnítear an chéad pháirt den tsloinne sin. Ach ní shin é an rud a chloisim ar Raidió na Gaeltachta ná ar Forvo (ó Bhríd Mhór, ceapaim), seachas “Gehegan”. An bhfuil a fhios ag éinne an bhfuil an dá leagan ceart nó ceann acu contráilte?

    Is cosúil gur féidir é rá ar an dá bhealach.

    Bhí mé ag caint le Gaeilgeoir dúchais leis an sloinne sin le gairid, and deireann sise é mar – Gegan (le dhá shiolla).

Viewing 9 posts - 1 through 9 (of 9 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.