Micheal D.

Viewing 3 posts - 1 through 3 (of 3 total)
  • Author
    Posts
  • #36029
    Onuvanja
    Participant

    Is cosúil go mbeifí sásta ag an bhfóram seo gurb é Micheal D. an duine a toghadh mar Uachtarán, ós rud é gurbh’eisean an t-iarrthóir amháin a bhfuil líofacht sa nGaeilge aige. Ach céard a cheapann sibh, an raibh sé sin ina chuidiú aige nó an bhfuair sé an láimh in uachtar ar an dream eile, mar gheall ar gur iarrthóir neamhspleách a bhí ann agus go rabhadar bréan tuirseach den “Bhunaíocht” (the Establishment)?

    Feictear dhomsa go bhfuil easpa diaspóireachta an taobh seo den fhóram… 😉

    #40175
    Jeaicín
    Participant

    Creidim gur aithin pobal na tíre an dáiríreacht, an díllseacht d’Éirinn agus don Ghaeilge a bhí go smior ann agus go raibh siad siad sásta é a thoghadh dá bharr. Nuair a bhunaigh sé TG4 mhóidigh mise go ngabhfainn mo bhuíochas leis ar bhealach éigin uair éigin. Tá áthas orm go bhfuair mé an deis. Is cuma linn in Éirinn faoi na páirtithe. Ionadaíthe pobail is ea na Teachtaí Dála. Caithfidh siad déanamh de réir a ngeallúintí dá dtoghlach nó díbreofar arís iad. Ní haon dóithín iad vótóirí na hÉireann.

    #40176
    aonghus
    Participant

    Rogha na seacht ndíogha ab ea Micheál D. Duine lách, cinnte. Ach ábhar Uachtaráin? Ionadaí agus Siombail an Phobail trí chéile? N’fheadar.

Viewing 3 posts - 1 through 3 (of 3 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.