Fáilte (Welcome) › Forums › General Discussion (Irish and English) › Píosa seafóideach
- This topic has 1 reply, 1 voice, and was last updated 10 years, 9 months ago by
Seáinín.
-
AuthorPosts
-
December 22, 2012 at 12:44 pm #36432
Fuinseog
ParticipantChuir mé an píosa seafóideach seo le céile an samhradh seo caite. Deich gcinn d’ainmneacha éin agus na horduimhreacha atá i gceist. Fonn; Dhá lá dhéag na Nollag. Fáilte ar ceartú!!
FuinseogSnag Breac ar bharr a’ Sceach Gheal
(píosa seafóideach atá i gceist anseo!)Ar an gcéad lá den Samhradh, chualas ins an gleann, Snag Breac ar bharr a’ Sceach Gheal.
Ar an dara (tarna) lá den Samhradh, chualas ins an gleann, dhá Dhreoilín agus Snag Breac ar bharr a’ Sceach Gheal.
Ar an tríú lá den Samhradh, chualas ins an gleann, trí Smólach, dhá Dhreoilín, agus Snag Breac ar bharr a’ Sceach Gheal.
Ar an gceathrú lá den Samhradh, chualas ins an gleann, ceithre Lon Dhubha, trí Smólach, dhá Dhreoilín agus Snag Breac ar bharr a’ Sceach Gheal.
Ar an gcúigiú lá den Samhradh, chualas ins an gleann, cúig Cholm Coille, ceithre Lon Dhubha, trí Smólach, dhá Dhreoilín agus Snag Breac ar bharr a’ Sceach Gheal.
Ar an séú lá den Samhradh, chualas ins an gleann, sé Chíorbhuí, cúig Cholm Coille, ceithre Lon Dhubha, trí Smólach, dhá Dhreoilín agus Snag Breac ar bharr a’ Sceach Gheal.
Ar an seachtú lá den sa Samhradh, chualas ins an gleann, seacht Spideog, sé Chíorbhuí, cúig Cholm Coille, ceithre Lon Dhubha, trí Smólach, dhá Dhreoilín agus Snag Breac ar bharr a’ Sceach Gheal.
Ar an ochtú lá den Samhradh, chualas ins an gleann, ocht bhFáinleog, seacht Spideog, sé Chíorbhuí, cúig Cholm Coille, ceithre Lon Dhubha, trí Smólach, dhá Dhreoilín agus Snag Breac ar bharr a’ Sceach Gheal.
Ar an naoú lá den Samhradh, chualas ins an gleann, naoi Meantán, ocht bhFáinleog, seacht Spideog, sé Chíorbhuí, cúig Cholm Coille, ceithre Lon Dhubha, trí Smólach, dhá Dhreoilín agus Snag Breac ar bharr a’ Sceach Gheal.
Ar an deichiú lá den Samhradh, chualas ins an gleann, deich bPréachán, naoi Meantán, ocht bhFáinleog, seacht Spideog, sé Chíorbhuí, cúig Cholm Coille, ceithre Lon Dhubha, trí Smólach, dhá Dhreoilín agus Snag Breac ar bharr a’ Sceach Gheal.Sceach Gheal Crataegus monogyna Hawthorn
Snag Breac Pica pica Magpie
Dreoilín Troglodytes troglodytes Wren
Smólach Turdus philomelos Song Thrush
Lon Dubh Turdus merula Blackbird
Colm Coille Columba palumbus Woodpigeon
Cíorbhuí Regulus regulus Goldcrest
Spideog Erithacus rubecula Robin
Fáinleog Hirundo rustica Swallow
Meantán Parus spp. Titmouse
Préachán Corvus spp. CrowDecember 22, 2012 at 4:52 pm #42979Seáinín
ParticipantTá sé an chraic go hiontach, a Fhuinseoig. Go raibh maith agat a roinnt leis.
-
AuthorPosts
- You must be logged in to reply to this topic.