Séimhiú nó Urú

Viewing 3 posts - 1 through 3 (of 3 total)
  • Author
    Posts
  • #37060
    purplewhiteman
    Participant

    An é ceart séimhiú nó urú a úsáid tar éis ‘sa’.

    An bhfuil riail ann?

    Mar shampla, feicim ‘sa phictiúr’ i roinnt áiteanna agus ansin léighim ‘sa bpictiúr’ i roinnt áiteanna eile. Tá go leor samplaí den chineál seo feicthe agam.

    Cé acu atá ceart le do thoil/le bhur dtoil?

    #46358
    Lughaidh
    Participant

    Braitheann sé ar an chanúint…

    Ins an chaighdeán:
    – sa + séimhiú ach ní ar d, t (sa duine, sa talamh). Cuireann “sa” t- roimh sl, sn, sr, s+guta, má tá an focal baininscneach, agus ní athraíonn rud ar bith nuair a bhíonn sé firinscneach (sa tsráid vs sa samhradh).

    I gCúige Uladh:
    – sa + séimhiú ach ní ar d, t (sa duine, sa talamh). Cuireann “sa” t- roimh sl, sn, sr, s+guta i gcónaí (sa tsráid, sa tsamhradh).

    I gConamara:
    – sa + urú, ach ní ar D, T. Roimh S, bíonn sé mar sa chaighdeán : sa tsráid, sa samhradh.

    I gCiarraí:
    – sa + séimhiú (ach+urú i gcupla cor cainte), ach ní athraíonn D ná T, cuireann sé urú ar F, agus cuireann sé t- roimh s (msh. sa chrann, sa tigh, sa bhfarraige, sa tsráid, sa tsamhradh).

    #46425
    purplewhiteman
    Participant

    Tá mé buíoch gur thug tú solas dom faoi seo a Lughaidh. Go raibh maith agat as an léargas.

Viewing 3 posts - 1 through 3 (of 3 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.