Tionscadal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge

Fáilte (Welcome) Forums General Discussion (Irish and English) Tionscadal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge

Viewing 6 posts - 1 through 6 (of 6 total)
  • Author
    Posts
  • #36421
    Seáinín
    Participant

    Seo nuacht ó bhainisteoir an Fhoclóra Nua Béarla an Thionscadal-Gaeilge (http://www.focloir.ie):

    “Is féidir liom a dhearbhú go seolfar an Foclóir Nua ar 24 Eanáir 2013, agus tá sé beartaithe againn mír nuachta maidir leis seo a chur ar an suíomh focloir.ie sna laethanta beaga romhainn.”

    “Táimid an-ghnóthach agus muid ag fáil faoi réir an Foclóir a sheoladh, agus dá bhrí sin ní bhíonn an suíomh gréasáin á nuashonrú againn go rialta mar ba chóir. A luaithe is a sheolfar an leagan lecitreonach den Fhoclóir Nua, áfach, is ar an suíomh gréasáin a mbeidh sé ar fáil, agus beimid ag tabhairt tús áite do chothabháil an tsúimh ina dhiaidh sin.”

    #42904
    aonghus
    Participant

    Deá scéala.

    Súil agam nach mbeidh moill chomh mór céanna ar an bhfoclóir Gaeilge – Béarla (agus ba bhreá liom foclóir Gaeilge-Gaeilge!)

    #42943
    Héilics Órbhuí
    Participant

    (agus ba bhreá liom foclóir Gaeilge-Gaeilge!)

    Yeah!! Tá foclóir den sórt sin fadó in easnamh dúinn!

    #42978
    Seáinín
    Participant

    Ón láithreán gréasáin http://www.focloir.ie:

    Obair ar siúl ar an suíomh faoi láthair

    Ní bheidh teacht ar an suíomh seo ó 18 Nollaig 2012 go 24 Eanáir 2013, mar go bhfuiltear á ullmhú le haghaidh sheoladh an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge, a bheidh ar siúl ar an dara dáta sin. Gabh ár leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht.

    Site unavailable due to essential maintenance

    This site will be unavailable from 18 December 2012 until 24 January 2013, as it is being prepared for the launch of the New English-Irish dictionary on the latter date. Our apologies for any inconvenience caused.

    #42980
    aonghus
    Participant

    Tá Macalla ag cuir fuaim ar fáil dó, cloisim.

    http://macallateo.com/

    #42983
    Seáinín
    Participant

    Fuaim? Ní raibh a fhios agam nach mbeadh fuaime ar chor ar bith.

Viewing 6 posts - 1 through 6 (of 6 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.