An Bhratach Gheal-Réaltach
Ó abair an léir dhuit, le fáinne an lae,
An bhratach bhí ‘n-airde le titim na hoíche?
Tríd an chath bhí na riabha ‘s na réalta geal-ghlé,
Ag luascadh go huasal, ‘s ag miniú ar gcroí;
Is ar n-imeacht don ló, níor ghéill sí go deo,
Ach a caorthinte ag pléascadh sna spéartha le gleo!
Ó abair ‘ bhfuil an bhratach gheal-réaltach go síor
Os cionn tír na gcróga is talamh na saor?
Ar an trá thall, go doiléir ‘lar ceonna na dtonn,
Tá slua bord Shaesan go gruma ‘na luí;
Cad é siud ar an ard thuas, ag luascadh anonn
Is á cheilt is á thaispeáint, ‘réir athrú na gaoithe?
‘Nois tá solas na gréin’ ag lonnradh air go tréan!
‘Nois is léir dhom a scáile sa toinn – féach í féin!
‘Sí an bhratach gheal-réaltach, go raibh sí go síor
Os cionn tír na gcróga is talamh na saor!
Is cad d’éirigh don drong a thug mionna go teann,
Go bhfágfadh gan tír sinn gan áras ‘na sheasamh,
Is go dtabharfaidís léan leo, is leatrom is lann?
Ó! Do scrios a gcuid fola rian gránna a gcosa:
Níl cara ná cáil ag fealltóir na tráill,
San uaigneas, san uaigh, níl a bhfoscadh le fáil!
‘S tá an bhratach gheal-réaltach go buacach go síor
Os cionn tír na gcróga is talamh na saor!
Gurab amhlaidh go brách, nuair sheasfaidh na laoich,
Idir shlua na namhad is áras a gcloinne;
‘S go raibh altú is glóir d’Athair Bua is Sith,
Thug dúiche uaidh féin dúinn, go deireadh na cruinne!
Beidh rath ar an Neart, mar tá linn-ne an Ceart,
Is tá dóchas ár gcroí ar Dhia na bhFeart!
‘S beidh an bhratach gheal-réaltach go buach go síor
Os cionn tír na gcróga is talamh na saor!
The Star Spangled Banner
Oh, say can you see, by the dawn’s early light,
What so proudly we hailed at the twilight’s last gleaming?
Whose broad stripes and bright stars thru the perilous fight,
O’er the ramparts we watched were so gallantly streaming?
And the rocket’s red glare, the bombs bursting in air,
Gave proof thru the night that our flag was still there!
Oh, say does that star-spangled banner yet wave
O’er the land of the free and the home of the brave.
On the shore, dimly seen through the mists of the deep,
Where the foe’s haughty host in dread silence reposes,
What is that which the breeze, o’er the towering steep,
As it fitfully blows, half conceals, half discloses?
Now it catches the gleam of the morning’s first beam,
In full glory reflected now shines in the stream:
‘Tis the star-spangled banner! Oh long may it wave
O’er the land of the free and the home of the brave.
And where is that band who so vauntingly swore
That the havoc of war and the battle’s confusion,
A home and a country should leave us no more!
Their blood has washed out of of their foul footsteps’ pollution.
No refuge could save the hireling and slave’
From the terror of flight and the gloom of the grave:
And the star-spangled banner in triumph doth wave
O’er the land of the free and the home of the brave.
Oh! thus be it ever, when freemen shall stand
Between their loved home and the war’s desolation!
Blest with victory and peace, may the heav’n rescued land
Praise the Power that hath made and preserved us a nation.
Then conquer we must, when our cause it is just,
And this be our motto: “In God is our trust.”
And the star-spangled banner in triumph shall wave
O’er the land of the free and the home of the brave