Publication with 75 songs in the Gaelic languages with English translations.

Fáilte (Welcome) Forums General Discussion (Irish and English) Publication with 75 songs in the Gaelic languages with English translations.

Viewing 1 post (of 1 total)
  • Author
    Posts
  • #37027
    ormondo
    Participant

    Dia daoibh, a chairde. Is fada ó bhí mé anseo…

    I rith na bliana seo atá beagnach thart d’fhoilsigh mé leabhar le 75 amhrán sna teangacha Gaelacha, a bhformhór amhráin i nGaeilge na hÉireann (tá liosta na n-amhrán thíos ag bun an ríomhphoist.) Tá téacs gach amhrán aistrithe ina líne is ina líne agus tá dhá chineál aistriúcháin i gceist: aistriúchán coitianta agus aistriúchán focal-ar-fhocal. Tá na haistriúcháin focal-ar-fhocal curtha ar fáil ar mhaithe le heolas níos cruinne faoi théacs na n-amhrán agus tuiscint nó léargas éigin ar struchtúr na teanga a thabhairt don léitheoir. Thairis sin, más mian le duine amhrán a fhoghlaim agus é a chanadh is fusa é sin a dhéanamh má thuigeann an duine sin na focail aonair. Tugtar nasc idirlín ag tús an dara chuid faoinar féidir taifeadadh de gach véarsa a chloisteáil atá labhartha go mall le sos gearr idir gach focal agus an focal a leanann é. Luaitear teideal de thaifeadadh proifisiúnta ag tús gach amhrán a bhfuil an leagan de na liricí a úsáidtear ann sách cosúil leis an leagan sa leabhar.
    I dtosach an leabhair tá 13 caibidil le heolas cúlra faoina hamhráin, faoi ghnéithe éagsúla de na hamhráin, faoi stair na dteangacha gaelacha agus faoi chultúr & stair na dtíortha gaelacha.
    Is é cuspóir an leabhair ná bealach éasca isteach go cuid lárnach de chultúr na nGael a chur ar fáil.
    Tá an leabhar ar fáil i mBéarla agus i nGearmáinis (táim i mo chónaí sa Ghearmáin le beagnach dhá scór blian anuas).
    https://www.amazon.de/GAELIC-SONGS-Ireland-Scotland-translations-ebook/dp/B07F8GX522/ref=sr_1_2?s=digital-text&ie=UTF8&qid=1546163182&sr=1-2
    https://www.amazon.de/GÄLISCHE-LIEDER-Irland-Übersetzung-phonetischer-ebook/dp/B07CVMNW29/ref=sr_1_1?s=digital-text&ie=UTF8&qid=1546163211&sr=1-1
    During the now slowly departing year I published a book with 75 songs in the Gaelic languages, the majority of them in the Irish language (the list of songs is at the end of the email.) The texts of the songs are translated line for line and there are two types of translation provided: a general translation and a word-for-word translation. The word-for-word translations are provided with the intention of giving the reader a more exact knowledge of the text of the songs as well as an understanding of, or an insight into, the structure of the language. Beyond that, if a person wishes to learn and to sing one or more of these songs, it will be easier to do that if the person understands the individual words. There is a link given to MP3-recordings in which each verse (one separate recording per verse) is spoken in a slow voice with a short pause between words. Listed under each song title is a recommended professional recording whose lyrics correspond very closely with the lyrics printed in the book.
    In the first section of the book there are 13 chapters providing background information to the songs, to aspects of Irish culture, to the history of the Gaelic languages and to the culture and related history of the Gaelic countries.
    The purpose of the book to provide a quick and easy access to a central part of Gaelic culture.
    The book is available both in English and in German (I have been living in Germany for nearly forty years).

    Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise daoibh,

    LIOSTA NA N-AMHRÜN:
    Trasna na dTonnta
    Eibhlín, A Rúin
    Beidh Aonach Amárach
    Óró mo Bháidín
    Báidín Fheidhlimí
    Déirín Dé
    Fáinne Geal an Lae
    Tá ina Lá
    Cad É Sin don Té Sin
    Cúnla
    Téir Abhaile Riú
    Ag Críost an Síol
    Bean Pháidín
    Buachaill Ón Éirne
    Cailleach an Airgid
    An Bóithrín Buí
    An Poc ar Buile
    Óró, Sé Do Bheatha Abhaile
    Dúlamán
    Cill Chais
    Cá Rabhais ar Feadh an Lae Uaim?
    Dónal agus Mórag
    An Raibh Tú ag an gCarraig
    Preab San Ól
    Éamonn an Chnoic
    Mo Ghile Mhear
    Úrchnoc Chéin Mhic Cháinte
    Mná na hÉireann
    Iníon an Fhaoit ón nGleann
    Róisín Dubh
    Táimse i M’ Chodladh
    An Droighneán Donn
    Na Connerys
    Sliabh na mBan
    Ar Choinleach Glas an Fhómhair
    Amhrán na Trá Báine
    Ar Éirinn Ní Neosfainn Cé hÍ
    Úirchill an Chreagáin
    Im’ Aonar Seal
    Barr an tSléibhe
    Ar Bhruach na Carraige Báine
    An Cailín Aerach
    A Spailpín, A Rúin
    Sadhbh Ní Bhruinnealla
    Dónall Óg
    Amhrán Mhuinse
    An Bonnán Buí
    An Chúilfhionn
    Seán Ó Duibhir an Ghleanna
    Bánchnoic Éireann Ó
    An Cailín Rua
    Amhrán na Leabhar
    An Droimeann Donn Dílis
    (Eanach Dhúin) Anach Cuan
    An Spailpín Fánach
    Siúil, A Rún
    Slán agus Beannacht le Buaireamh an tSaoil
    Bheir Mi O
    Fhir A’ A’ Bhàta
    Chuir M’Athair Mise Dhan Tigh Charraideach
    Agus Hò Mhòrag
    Canan nan Gael
    Fionnghuala
    Dèan Cadalan Sàmhach
    Chì Mi na Mòrbheanna
    Uiseag Bheag Dhearg na Mòna Duibh
    O Teannaibh Dlùth is Togaibh Fonn
    Ailean Duinn
    Mhic Iarla nam Bratach Bàna
    Am Bratach Bàna
    A’ Bhratach Bhàn
    Arran Oie Vie
    Ushag Veg Ruy

Viewing 1 post (of 1 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.