Schwa + bh/mh

Viewing 5 posts - 16 through 20 (of 20 total)
  • Author
    Posts
  • #45127
    Onuvanja
    Participant

    A Bhríd, brón orm cur isteach ort aríst leis an gceist chéanna, ach cén fuaimniú a bheadh agat ar “marbh” sna habairtí seo leanas? Tusa an t-aon chainteoir dúchas anseo, an dtuigeann tú? 🙂

    – Bhí sé sínte marbh ar an urlár (he was stretched insensate on the floor)

    – Fág marbh é! (say no more about it)

    #45128
    Bríd Mhór

    Bhí sé sínte marbh ar an urlár (he was stretched insensate on the floor) – I think that would be “maree”.

    Fág marbh é! – yes, “maree”. But I would be more likely to say “Ná bac leis”.

    #45129
    Onuvanja
    Participant

    Go hiontach! Go raibh maith agat. Réitíonn sin an cheist, sílim.

    (Ní mise a chum na habairtí sin, cuid de na samplaí a bhí le fáil sa bhfoclóir Ui Dhónaill atá ann)

    #45130
    Bríd Mhór
    Participant

    Go hiontach! Go raibh maith agat. Réitíonn sin an cheist, sílim.

    (Ní mise a chum na habairtí sin, cuid de na samplaí a bhí le fáil sa bhfoclóir Ui Dhónaill atá ann)

    Ar aontaigh an foclóir liom ? 😀

    #45131
    Onuvanja
    Participant

    Is tábhachtaí an t-eolas a fhaightear ó chainteoir dúchais.

    Ar aon nós, ní thugann an foclóir Gaeilge-Béarla a ndearna mé tagairt dhó fuaimniú an fhocail, sa gcaoi is go mbeadh sé deacair agam thú féin ná an foclóir a lochtú! 😉

Viewing 5 posts - 16 through 20 (of 20 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.