Taisce eile ó ChOGG!

Viewing 4 posts - 1 through 4 (of 4 total)
  • Author
    Posts
  • #36457
    aonghus
    Participant

    http://tacaiocht.wikispaces.com/Home

    Céad míle fáilte go dtí an láithreán tacaíochta d’acmhainní foghlama Rang 5 & 6 ar Chainéal iTunesU – COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta). Is anseo a bhfaighidh tú eolas ar cén chaoi le leas a bhaint as na hacmhainní breátha seo agus beidh deis agat freisin aiseolas a roinnt linn faoi bhealaí a b’fhéadfadh muid cur leis an acmhainn seo de réir a chéile.

    #43142
    Héilics Órbhuí
    Participant

    An-fhear! GRMA

    #43145
    Lughaidh
    Participant

    Is anseo a bhfaighidh tú

    Is anseo a gheobhaidh tú…

    eolas ar cén chaoi le leas a bhaint as na hacmhainní breátha seo

    Béarlachas… Eolas ar an gcaoi a mbainfidh tú leas as… Maybe some say “eolas ar cén chaoi a mbainfidh tú / a mbainfeá…” nowadays… but “ar cén chaoi le leas…” is English word for word.

    agus beidh deis agat freisin aiseolas a roinnt linn faoi bhealaí a b’fhéadfadh muid cur leis an acmhainn seo de réir a chéile.

    faoi bhealaí a bhféadfaimis (since they want to write in standard Irish)… and it’s a BHFéadfaimis, nor b’fh-, the b isn’t the shortened form of “ba” it’s the bh of the urú: bhf.

    Tá súileas agam nach bhfuil meancógaí mar sin ins na hacmhainní sin…………………… 😉

    #43146
    Héilics Órbhuí
    Participant

    Hahah, ceart agat, mar is gnáth.

    Thug mé spléach ar roinnt dena hacmhainní agus ní fhaca mé meancógaí eile dá leithéid, ach níl mo shúile chomh maith leis an ceann ‘tá atsa.

Viewing 4 posts - 1 through 4 (of 4 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.