Vowel sound for ‘ainn’, ‘uinn’, ‘aill’, etc.

Fáilte (Welcome) Forums General Discussion (Irish and English) Vowel sound for ‘ainn’, ‘uinn’, ‘aill’, etc.

Viewing 15 posts - 16 through 30 (of 33 total)
  • Author
    Posts
  • #42105
    Cúnla
    Participant

    ⟨Cruinn⟩ is definitely /krË iːnʲ/ (and ⟨crainnte⟩ /krË iːnʲtʲə/) in Cois Fharraige, but I don’t think Gaeilge Chois Fharraige was Tomás de Bhaldraithe’s mother tongue…

    http://ainm.ie/Bio.aspx?ID=1534

    I mBaile na Cora, Luimneach, a rugadh é 14 Nollaig 1916. Ba é an tríú duine clainne agus an mac ba shine é ag Patrick Waldron agus Elizabeth McNamara. Bhí triúr deirfiúracha aige agus deartháir. B’as an Maigh Mhín idir Carraig an Chobhaltaigh agus Cill Chaoi i gContae an Chláir don mháthair ach i Luimneach a bhí cónaí uirthi ó bhí sí ina leanbh; cainteoir dúchais Gaeilge ba ea a hathair, John McNamara as Cill Chleitheáin sa dúiche sin. Dúirt Tomás le Risteárd Ó Glaisne in Inniu 8 Nollaig 1972: ‘Bhí an Ghaeilge ó dhúchas ag mo sheanathair … ach níor thuig mé an tábhacht a bhí leis sin, cé go mba cheart dom é a thuiscint, mar bhí mé ar an ollscoil sular cailleadh é.’ Col ceathar ba ea é le Ceit, banchéile Shéamais Daltún agus bhí siad a dó is a dó i ngaol le chéile: cúpla ba ea aithreacha Cheit agus Thomáis agus deirfiúracha a máithreacha. B’as an Aonach, Co. Thiobraid Árann, d’athair Thomáis agus ba í a obair in oifig an phoist a thug go Luimneach é; bhí Gaeilge foghlamtha aige i gConradh na Gaeilge agus náisiúnaí ba ea é agus b’in é an fáth ar baisteadh ‘Tomás Mac Donnchadha’ ar Thomás. Bhí sé ar scoil i bPáirc Mhucrois ar dtús agus ó 1926 go 1934 i gColáiste Belvedere mar a raibh Tadhg Ó Murchadha mar mhúinteoir Gaeilge aige tamall. I 1933 d’fhreastail sé ar chúrsa in Ardscoil Mhichíl Bhreathnaigh i gCois Fharraige; i rang Mháirtín Uí Fhlathartaigh a bhí sé, fear a bpósfaí a dheirfiúr Máire leis ar ball. ‘Chuir mé suntas i nGaeilge Thomáis, cé go mbíodh sé cúthaileach, mall-labhartha ag caint liom an chéad bhliain sin, bhíodh ceart agus cruinneas i gcónaí ina chuid cainte. D’fhan an mhallbhriathracht leis go dtí an deireadh, mórán, é ag tomhas na bhfocal mar a shamhlófá’ (Ó Flathartaigh). D’fhreastail sé ar chúrsa 1935 san Ardscoil freisin. Ghnóthaigh sé scoláireacht ollscoile i 1934 agus i 1937 fuair céim BA le céad onóracha i bhFraincis agus i nGaeilge saCholáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

    #42106
    Héilics Órbhuí
    Participant

    Irish speakers concerned with minimal pairs? Now that would be the day! 🙂 The language has more potential homophones than any other I’ve learned (including English which is saying something).

    Foclóir Póca does give “cruinn” as “krin”, but as anyone who’s used the book knows, the phonetics are rather general. The difference between “i” and “ee” is a small one to begin with and often it is somewhere in between. This happens in other languages too, of course, like in German, “Leben” is often pronounced closer to “lieben” than its spelling would suggest (German is extremely phonetic compared to English or Irish, for those that don’t know).

    #42107
    Lughaidh
    Participant

    Ah, ceart go leor, cha rabh’s agam sin. B’fhéidir gur mheasc mé le M. Ò Siadhail è. 🙂
    Grma 🙂

    #42108
    Cúnla
    Participant

    Á tá tú ceart a Lughaidh a chara!

    Dála an scéil, ’caint aríst ar bhunábhar an tsnáithe seo mar a bhí ag Héilics Órbhuí se’ainne:

    Vowel sound for ‘ainn’, ‘uinn’, ‘aill’, etc.

    Cuimhnigh nach ar ghutaí atá tú ag caint ach ar ghutaí—agus ar na consain a leanas iad. Ní déghraf ceart atá in ⟨ai⟩ nó ⟨ui⟩ nó a leithéide sa scríobh: sé ⟨a⟩ an guta agus níl san ⟨i⟩ ó cheart ach comhartha caolaithe ag an gconsan a leanas é, arae ba chóir a bheith ag cuimhniú ar ⟨a⟩ agus ⟨nn⟩ caol, ⟨a⟩ agus ⟨ll⟩ caol, srl.

    Sé nádúr na gconsan ⟨ll⟩, ⟨nn⟩ (chomh maith le ⟨m⟩ is ⟨r⟩ nó ⟨l⟩ nó ⟨n⟩ + consan)—bídís caol nó leathan—fad a chur leis an nguta a theagas rompu nó défhoghar a dhéanamh de i gcuid mhaith de na canúintí.

    Ach is amhlaidh a bhraitheas cáilíocht an ghuta ar chomhthéacs an chonsain a leanas é freisin: más consan idir dhá ghuta é an consan sin, giorrófar an chéad ghuta nó déanfar aonfhoghar de más défhoghar a bhí ann i dtosach.

    Cuirim i gcás, e.g.:

    ⟨caill⟩ = /cɑːlʲ/ (ordaitheach uatha)

    …ach:

    ⟨cailleadh⟩ = /kaːlʲuː/ (an briathar saor san aimsir chaite)

    …srl.

    #42109
    Lughaidh
    Participant

    Bhfuil canùint ar bith ina ndeirtear /kal’u:/ mar sin, leis an fhuaim /u:/ sa deireadh agus le /l’/ ?

    #42110
    Cúnla
    Participant

    Céard é sin adeir tú? Ab é /kaːluː/ i leaba /kaːlʲuː/ (⟨l⟩ seachas ⟨ll⟩, .ı. /kaːl′uː/ is /kaːʟ′uː/ sa seanchóras) atá tú a rá nó /kalʲuː/ in áit /kaːlʲuː/? An bhfuil tú ag caint ar fhad na ngutaí nó ar cháilíocht an chonsain?

    #42111
    Héilics Órbhuí
    Participant

    Cuimhnigh nach ar ghutaí atá tú ag caint ach ar ghutaí—agus ar na consain a leanas iad. Ní déghraf ceart atá in ⟨ai⟩ nó ⟨ui⟩ nó a leithéide sa scríobh: sé ⟨a⟩ an guta agus níl san ⟨i⟩ ó cheart ach comhartha caolaithe ag an gconsan a leanas é, arae ba chóir a bheith ag cuimhniú ar ⟨a⟩ agus ⟨nn⟩ caol, ⟨a⟩ agus ⟨ll⟩ caol, srl.

    Sé nádúr na gconsan ⟨ll⟩, ⟨nn⟩ (chomh maith le ⟨m⟩ is ⟨r⟩ nó ⟨l⟩ nó ⟨n⟩ + consan)—bídís caol nó leathan—fad a chur leis an nguta a theagas rompu nó défhoghar a dhéanamh de i gcuid mhaith de na canúintí.

    Ach is amhlaidh a bhraitheas cáilíocht an ghuta ar chomhthéacs an chonsain a leanas é freisin: más consan idir dhá ghuta é an consan sin, giorrófar an chéad ghuta nó déanfar aonfhoghar de más défhoghar a bhí ann i dtosach.

    Tuigim caol agus leathan i measc na gconsain, ni raibh se sin i gceist a’m. Ta athru eile ar siul sa (mar shampla) bhfocal “coll” seachas an ‘ll’ ag eiri caol. Go bhfios dom ta malairt ghuta ann chomh maith, nach ea?

    Gabh mo leithsceal as easpa “fadas”. Ni reitim go maith leo ar mhearchlair PC (sin a bhionn agam nuair a bhionn me i lathair oibre; mac sa bhaile 😉

    #42112
    Cúnla
    Participant

    …Agus níl eolas agam ar an nGaeilge a bheith ó dhúchas ag Ó Siadhail ach oiread:

    http://osiadhail.com/biography/

    https://en.wikipedia.org/wiki/User:Hugsudur (seo nasc atá le feiceáil ag bun an leathanaigh thuas-nasctha)

    …Cé gurb as Gaoth Dobhair dá bhean.

    #42113
    Cúnla
    Participant

    Ta athru eile ar siul sa (mar shampla) bhfocal “coll” seachas an ‘ll’ ag eiri caol. Go bhfios dom ta malairt ghuta ann chomh maith, nach ea?

    Bhuel is air sin a bhí mé ag caint nuair a scríobh mé:

    Sé nádúr na gconsan ⟨ll⟩, ⟨nn⟩ (chomh maith le ⟨m⟩ is ⟨r⟩ nó ⟨l⟩ nó ⟨n⟩ + consan)—bídís caol nó leathan—fad a chur leis an nguta a theagas rompu nó défhoghar a dhéanamh de i gcuid mhaith de na canúintí.

    Cuireann tú féin ⟨coll⟩ i gcás, Héilics; déarfaidh mise ⟨poll⟩:

    ⟨poll⟩ = /pË aÊŠlË / (hole)

    ⟨pol⟩ = /pË olË / (pole)

    ⟨poill⟩ = /pË aɪlʲ/ (holes)

    ⟨poil⟩ = /pË Ê·Éªl/ (poles)

    ⟨polláirí⟩ = /pË olË ÉªÉ¾Ê²iː/ (nostrils)

    Séard atá mé a rá gurb í cáilíocht an chonsain féin (.ı. dhá ⟨l⟩ nó dhá ⟨n⟩ srl. sa litriú in áit aon ⟨l⟩ nó aon ⟨n⟩ amháin) a bheireas athrú ar an nguta a theagas roimhe.

    #42114
    Lughaidh
    Participant

    De réir na Vicipéide, rugadh M. Ó Siadhail i mBÁC… an rabh mise a’ brionglóidigh? síleam gur léigh mé in áit ineacht gurb as Cois Fhairrge ó dhúchas é. S féidir gur rugadh i mBÁC “de thaisme” é ach gurb as CF dó agus dona mhuitir… Bhfuil’s ag duine ineacht?

    #42115
    Cúnla
    Participant

    Bhuel tá sé seo ag Wikipedia freisin:

    Micheal O’Siadhail was born into a middle class Dublin family. His father, a chartered accountant, had been born in County Monaghan and worked most of his life in Dublin and his mother was a Dubliner with roots in County Tipperary.

    #42116
    Lughaidh
    Participant

    Caithfidh go rabh mé ‘brionglóidigh mar sin 🙂
    Tá sé go maith gur thagh sé canúint speisealta a dh’fhoghlaim agus a labhairt agus a theaghasc, mar sin.

    #42117
    Héilics Órbhuí
    Participant

    Séard atá mé a rá gurb í cáilíocht an chonsain féin (.ı. dhá ⟨l⟩ nó dhá ⟨n⟩ srl. sa litriú in áit aon ⟨l⟩ nó aon ⟨n⟩ amháin) a bheireas athrú ar an nguta a theagas roimhe.

    Ó, tuigim anois thú. Bhí bunoscionn orm maidir leis an gcéad shampla a thug tú, mar is an guta ceannann céanna atá sa dhá focal.

    ⟨caill⟩ = /cɑːlʲ/ (ordaitheach uatha)

    …ach:

    ⟨cailleadh⟩ = /kaːlʲuː/ (an briathar saor san aimsir chaite)
    …srl.

    Sin níos soiléire ar fad, grma. 🙂

    ⟨poll⟩ = /pË aÊŠlË / (hole)

    ⟨pol⟩ = /pË olË / (pole)

    ⟨poill⟩ = /pË aɪlʲ/ (holes)

    ⟨poil⟩ = /pË Ê·Éªl/ (poles)

    ⟨polláirí⟩ = /pË olË ÉªÉ¾Ê²iː/ (nostrils)

    #42118
    Lughaidh
    Participant

    Seidh, i gConamara agus i Mumhain, is minic a ghníthear défhoghair (diphthongs i mBéarla) do na gutaí gairide roimh ll, nn, m, rud nach ndéantar in Ultaibh (tá Gaeilg Uladh níos ársa ná na canúintí eile ar an rud sin).

    #42121
    Onuvanja
    Participant

    ⟨Cruinn⟩ is definitely /krË iːnʲ/ (and ⟨crainnte⟩ /krË iːnʲtʲə/) in Cois Fharraige, but I don’t think Gaeilge Chois Fharraige was Tomás de Bhaldraithe’s mother tongue…

    GRMA as an eolas, a Chúnla! Cheap mé gurb “i” gearr a bhí cloiste agam sa bhfocal “cruinn” ó chainteoirí Chonamara, ach is dóigh gur dul amú a bhí orm… Bhuel, sin an saol. 😉

Viewing 15 posts - 16 through 30 (of 33 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.