aonghus

Forum Replies Created

Viewing 15 posts - 466 through 480 (of 498 total)
  • Author
    Posts
  • in reply to: #40277
    aonghus
    Participant

    Níl gá le halt de bhrí go bhfuil sé cáilithe ag “Sliabh an Chloig”

    Ní minic cinnte. (Leagan eile de’d thct a bhí s ar-phost a chonaic mé)

    Ach is mar seo a chuirfí síos ar threibh nó mhuintir ceantar áirithe dar liom.

    in reply to: #40275
    aonghus
    Participant

    Ní fíor.

    Iolra ar an ainmfhocal “Ceallach” atá i gceist anseo.

    Is féidir ainmfhocal a dhéanamh d’ainm dílis

    Ó Ríordáin -> an Ríordánach -> Na Ríordánaigh
    Ó Ceallaigh -> an Ceallach -> Na Ceallaigh

    in reply to: #40273
    aonghus
    Participant

    It depends on where Bell Mountain is. Is it in America? What is the origin of the name?

    If it is an actual Bell that is meant, then

    Ceallaigh Sliabh an Chloig

    would be the Kelley’s of Bell Mountain

    in reply to: In ainm Dé – cad é ‘cuacht’ #40266
    aonghus
    Participant

    “cumhacht” an litriú ar an bhfocal úd!

    in reply to: #40263
    aonghus
    Participant

    D’fheadfá triail a bhaint as audacity (ar fáil as Gaeilge!)

    http://audacity.sourceforge.net/

    in reply to: #40232
    aonghus
    Participant

    Is mór idir ‘an chineál Gaeilge scríofa a chreid an múinteoir/dalta a bheith ceart ag an am ” & an caighdeán oifigiúil a tháinig ina dhiaidh d’fhonn slacht éigin a chuir ar ghnó oifigiúil!

    in reply to: #40229
    aonghus
    Participant

    Agus ina theannta sin b’fhearr na scéaltai a bheith taifeadta fosta, siocair go silim go bhfuil siad scriofai ins an chaighdean.

    Cuireann sin iontas orm; de réir mo thuiscint cnuasaíodh bailiúcháin na Scoil sular raibh aon chaighdeán ann!

    Maidir leis an allagar is Jeaicín agus Lughaidh – ní gá an deighilt seo idir béaloideas agus saol an lae inniu; is féidir an dá rud a bheith ann, agus is féidir tarraingt as tobar an bhéaloidis, mar a rinneadh riamh, le dul i ngleic le saol an lae inniu. Ach an te nach bhfuil an tobar sin aige, beidh sé taobh le meamraiméis tur le dul i ngleic leis an saol agus beidh sé dall ar ghaois an chine. (Cuma cén teanga atá aige)

    in reply to: #40225
    aonghus
    Participant

    Go bhfios dom is scríofa atá bailiúchán na scoil, i. baineadh feidhm as páistí scoláire mar chnuasaitheoirí. Ní raibh trealamh ann an uair sin. Tá leabhar nó dhó tagtha as an iarracht sin ach don mórchuid is i gcartlann atá an stuif sin ar fad.

    in reply to: #40215
    aonghus
    Participant

    Sé an rud nach leor an t-ábhar a bhailiú – caithfear é chuir i mbéal na ndaoine.

    Tá seoda ag bailiú deannach i gcartlainn mar atá.

    in reply to: #40211
    aonghus
    Participant

    Tá a leithéidí seo ann

    http://bealoideas.com/

    Agus an tOireachtas gan amhras.

    in reply to: #40204
    aonghus
    Participant

    Shamhlóinn an ceart a bheith ag Lughaidh.

    Cé go bhfuil an briathar saoradh ann, agus an 2 pearsa uatha san modh ordaitheach ná “saor” is beag ciall a bheadh leis seachas le “saortar” nó “saoraigí”

    http://www.potafocal.com/Metasearch.aspx?Text=saoradh&GotoID=focloirbeag

    in reply to: #40203
    aonghus
    Participant

    Ró fhoclach, dar liom.

    & Tá dé-bhrí ag baint le leanadh.

    in reply to: #40195
    aonghus
    Participant

    N’fheadar.

    Sílim féin go raibh sé go maith go ndúirt sé rudaí tábhachtacha i nGaeilge amháin.

    Tús maith. Ceist dheacair mar is nós le hiriseoirí neamhaird a dhéanamh ar an méid a deirtear as Gaeilge. Ní raibh aon chuid dá óráid as Gaeilge sna sleachta a bhí ar Nuacht a 9 RTÉ, mar shampla.

    in reply to: #40181
    aonghus
    Participant

    Le bheith cruinn – an dá leagan a) an leagan dhá theangach a thug sé, agus leagan ina bhfuil an méid a dúirt sé as Béarla aistrithe!

    Ana óráid atá ann.

    in reply to: Micheal D. #40176
    aonghus
    Participant

    Rogha na seacht ndíogha ab ea Micheál D. Duine lách, cinnte. Ach ábhar Uachtaráin? Ionadaí agus Siombail an Phobail trí chéile? N’fheadar.

Viewing 15 posts - 466 through 480 (of 498 total)